Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 7:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 aċt ċím dliġe eile im’ ḃallaiḃ, ag cur i gcoinniḃ dliġe m’intinne, agus gam’ ṫaḃairt i mbraiġdeanas fá ḋliġe an ṗeacaiḋ atá im’ ḃallaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Aċd do ċím reaċd eile ann mo ḃallaiḃ, ag caṫuġaḋ a naġaiḋ reaċda minntinne, agus dom ṫaḃairt a mbruid do reaċd an ṗeacaiḋ noċ atá am ḃallaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 7:23
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus ná taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna éagcóra; aċt taḃraiḋ siḃ féin do Ḋia mar ḋaoine atá beo ó na marḃaiḃ, agus taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna fíréantaċta do Ḋia.


Is ar nós daoine atáim ag laḃairt mar ġeall ar laige ḃur ḃfeola; óir fá mar ṫugaḃar ḃur mbaill beaṫaḋ mar ṡeirḃísiġ do ṫruailleaċt agus do ċuirpṫeaċt ċum cuirpṫeaċt do ċur i ngníoṁ, taḃraiḋ ḃur mbaill anois mar ṡeirḃísiġ d’ḟíréantaċt ċum go naoṁṫar siḃ.


Óir atá a ḟios againn go ḃfuil an dliġe spioradálta, aċt atáim‐se colnaiḋe, díolta leis an bpeacaḋ.


Do‐ġeiḃim ionnam an dliġe, mar sin, nuair ba ṁian liom an ṁaiṫ do déanaṁ, gur ab é an peacaḋ ċóṁnuiġeas ionnam.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas do Ḋia tré Íosa Críost ár dTiġearna. Uime sin, do‐ġním seirḃís do Ḋia le m’intinn; aċt do ḋliġe an ṗeacaiḋ lem’ ċolainn.


Óir nuair ḃíomar fá réimeas na colna, na h‐ainṁianta peacaṁla do ḃí d’ár mbrostú ag an dliġe, do ḃídís ag oibriú ’n‐ár mballaiḃ ċum go dtiuḃraidís toraḋ do’n ḃás.


Óir do ṡaor dliġe Spioraid na beaṫaḋ i nÍosa Críost mé ó ḋliġe an ṗeacaiḋ agus an ḃáis.


Óir bíonn mianġas na colna ag cur i gcoinniḃ an Spioraid, agus bíonn an Spiorad ag cur i gcoinniḃ mianġais na colna; mar tá siad i n‐aġaiḋ a ċéile; ar ṁóḋ naċ ḃféadann siḃ na neiṫe dob’ áil liḃ do ḋéanaṁ.


Níor ṡeasuiġ siḃ fós go doirteaḋ fola, ag cur i n‐aġaiḋ an ṗeacaiḋ:


Óir is iomḋa tuisleaḋ do‐ġeiḃ gaċ duine againn. Má tá aoinneaċ naċ dtuisliġeann i mbriaṫraiḃ béil, duine lán‐ḟoirḃṫe is eaḋ é, duine go ḃfuil ar ċumas dó srian do ċur le n‐a ċolainn ar fad.


Cad as na cogaiḋe agus na caṫa éiriġeas eadraiḃ? Naċ as so ṫig siad, as ḃur n‐ainṁiantaiḃ ḃíos ag troid le ċéile ’n‐ḃur mballaiḃ beaṫaḋ?


A ċáirde ionṁaine, impiḋim oraiḃ, mar ḋeoraiḋṫe agus mar oiliṫriġ, staonaḋ ó na h‐ainṁiantaiḃ colnaiḋe do‐ġní troid i n‐aġaiḋ an anma.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ