Ṫáinig Mac an Duine ag iṫe agus ag ól, agus is é adeirid, Féaċ an duine craosaċ, agus póitire an ḟíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacaċ! Aċt ċeana is le n‐a gníoṁarṫaiḃ fíorṫar an eagna.
Óir an ḃean go ḃfuil fear aici atá sí ceangailte d’á fear do réir dliġe ċóṁ fada agus atá seisean beo, aċt má éagann a fear, atá sí scaoilte ó’n dliġe do ċeangail le n‐a fear í.
Ar an gcuma sin, a ḃráiṫre, atá siḃ‐se marḃ do’n dliġe tré ċorp Ċríost; ċum go mbéaḋ siḃ ceangailte do ḋuine eile, is é sin do’n té do tógaḋ ó na marḃaiḃ, ċum go dtiuḃraimís toraḋ do Ḋia.