Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 6:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 mar tá a ḟios againn gur céasaḋ ár sean‐nádúir ’n‐a ṫeannta, ċum go ḃfágfaiḋe corp an ṗeacaiḋ gan éifeaċt, ċum naċ mbéimís fá ḋaor‐smaċt an ṗeacaiḋ feasta;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Ar mbeiṫ ḟios so aguinn, go ḃfuil ar seanduine ar ná ċéusaḋ maráon rision, do ċum go sgriosfuiḋe corp an ṗeacaiḋ, ionnus náċ déanamaóis seirḃis ó so súas don ṗeacaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 6:6
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’á ḃriġ sin ná bíoḋ réimeas ag an bpeacaḋ ’n‐ḃur gcorp daonna, ċum go ngéillfeaḋ siḃ d’á ainṁiantaiḃ:


Aċt anois, ar mbeiṫ fuascailte ó ṗeacaḋ ḋaoiḃ, agus siḃ ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do Ḋia, atá toraḋ ḃur saoṫair agaiḃ ċum naoṁṫaċta, agus is í an ḃeaṫa ṡíorraiḋe an deireaḋ béas air.


Óir atá a ḟios againn go ḃfuil an dliġe spioradálta, aċt atáim‐se colnaiḋe, díolta leis an bpeacaḋ.


óir má’s do réir na feola ṁaireas siḃ, is é an bás atá i ndán daoiḃ: aċt má ḃásuiġeann siḃ gníoṁarṫa na colna le neart an Spioraid, mairfiḋ siḃ beo.


Óir atá gráḋ Ċríost d’ár mbrostú, mar is aṁlaiḋ ḃreaṫnuiġmíd, má fuair duine aṁáin bás ar son an uile ḋuine, go ḃfuaradar uile bás;


Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon.


Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an ċolainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaiḃ céasta aca.


Aċt im’ ṫaoḃ‐sa, nár leigiḋ Dia go ndéanfainn maoiḋṁeaċas aċt aṁáin as crois Íosa Críost, tríd a ḃfuil an saoġal céasta ḋaṁ‐sa, agus mise do’n tsaoġal.


Maidir le n‐ḃur saoġal roiṁe seo, cuiriḋ ḋíḃ an seanduine atá d’á ṫruailliú ag ainṁiantaiḃ na ceilge,


Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í;


Óir do ḃíomar féin diṫ‐céilliḋe tráṫ, easuṁal, ag dul ar fan, fá smaċt ag ainṁiantaiḃ agus ag áineasaiḃ éagsaṁla, ag caiṫeaṁ ár saoġail le droċ‐rún agus le formad, fuaṫṁar agus sinn ag taḃairt fuaṫa d’á ċéile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ