Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 6:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, an méid dínn do baisteaḋ ċum Íosa Críost, gur ċum a ḃáis do baisteaḋ sinn?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 A né naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, an ṁéid ḋínne do baisdeaḋ a Níosa Críosd gur baisdeaḋ sinn ann a ḃás san?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 6:3
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:


Agus nuair do‐ċualadar sin, do baisteaḋ iad i n‐ainm an Tiġearna Íosa.


Agus aduḃairt Peadar leo, Déanaiḋ aiṫriġe, agus baistear gaċ duine agaiḃ i n‐ainm Íosa Críost ċum maiṫeaṁnais ḃúr bpeacaḋ; agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ an Spiorad Naoṁ mar ḃronntanas.


óir go dtí sin níor ṫuirling sé ar duine aca: ní dearnaḋ aċt iad do ḃaisteaḋ i n‐ainm an Tiġearna Íosa.


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, cibé duine d’á dtiuḃraiḋ siḃ siḃ féin mar ṡeirḃísiġ na h‐uṁlaċta, gur seirḃísiġ siḃ do’n té d’á n‐uṁluiġeann siḃ; is cuma cia aca seirḃísiġ an ṗeacaiḋ ċum báis, nó seirḃísiġ na h‐uṁlaċta ċum fíréantaċta?


Aċt má fuaramar bás mar aon le Críost, creidimíd go mairfimíd beo mar aon leis, mar an gcéadna;


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, a ḃráiṫre, (ag laḃairt leo‐san go ḃfuil eolas an dliġe aca atáim), go mbíonn duine fá ċuṁaċt dliġe a ḟad agus ḃíos sé beo?


agus gur baisteaḋ iad uile i Maois san néall agus san muir;


Óir i n‐aon Spiorad aṁáin is eaḋ do baisteaḋ sinn ċum aon ċorp aṁáin do ḋéanaṁ, is cuma cia aca lúdaiġ nó Gréagaiġ sinn, nó cia aca daor nó saor dúinn; agus gur ólamar uile de’n aon Spiorad aṁáin.


Munarḃ é sin é, créad ḋéanfas na daoine baistear ar son na marḃ? Muna n‐aiséiriġeann na mairḃ ar ċor ar biṫ, cad ċuige a mbaistear iad ar a son?


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ gur siḃ‐se teampall Dé, agus go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ?


Ní maiṫ é ḃur maoiḋṁeaċas. Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ go dtruailliġeann beagán laiḃín an cnap uile?


Naċ eol daoiḃ go ḃfuil ḃur gcorp mar ṫeampall ag an Spiorad Naoṁ, an Spiorad atá ionnaiḃ, fuaraḃar ó Ḋia?


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ naċ sealḃóċaiḋ luċt éagcóra ríoġaċt Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfaiġiḋ luċt striapaċais, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa, ná luċt aḋaltrannais, ná luċt macnais, ná sodamaiġ, ná gadaiḋṫe,


Naċ eol daoiḃ na daoine riaras neiṫe spioradálta go mbeaṫuiġtear iad ó’n teampall, agus na daoine do‐ġní freastal ar an altóir, go mbíonn a gcuid féin aca ó’n altóir?


Naċ eol daoiḃ go riṫeann gaċ duine i gcoiṁlint reaṫa, aċt gur ab aon duine aṁáin ḃuaiḋeas an duais? Riṫiḋ‐se ċum go mbuaiḋfiḋ siḃ.


Scrúduiġiḋ siḃ féin, d’ḟéaċain an ḃfuil siḃ san gcreideaṁ; déanaiḋ froṁaḋ oraiḃ féin. Nó naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ féin go ḃfuil Íosa Críost ionnaiḃ? munab aṁlaiḋ gur daoine iondamanta siḃ.


Óir an méid díḃ do baisteaḋ i gCríost, do ċuir siḃ Críost mar ċlúdaċ oraiḃ féin.


A ṁná aḋaltrannaċa, naċ eol daoiḃ gur náiṁdeaċas i n‐aġaiḋ Dé cáirdeas an tsaoġail seo? Uime sin, cibé duine gur mian leis ḃeiṫ ’n‐a ċaraid do’n tsaoġal so, do‐ġní sé náṁa Dé ḋe féin.


Is é a ṡaṁail sin an baiste ṡlánuiġeas sinne anois, ní h‐é glanaḋ salaċair an ċuirp, aċt freagairt deaġ‐ċoinsiais do Ḋia, tré aiséirġe Íosa Críost;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ