Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 6:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aċt anois, ar mbeiṫ fuascailte ó ṗeacaḋ ḋaoiḃ, agus siḃ ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do Ḋia, atá toraḋ ḃur saoṫair agaiḃ ċum naoṁṫaċta, agus is í an ḃeaṫa ṡíorraiḋe an deireaḋ béas air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Aċd a nois ar mbeiṫ ḋáoiḃ ar ḃur sáoraḋ ó ṗeacaḋ, agus ar ḃur ndéunaṁ ḃur seirḃiseaċuiḃ dó Ḋía, atá toraḋ aguiḃ ċum náoṁṫaċda, agus an ċríoċ ḋeiġeanaċ an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 6:22
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus fá mar bailiġtear an cogal agus dóiġtear é le teiniḋ; mar sin ḃéas i ndeireaḋ an tsaoġail.


Annsin béiḋ na fíréin ag soillsiú ar nós na gréine i ríoġaċt a nAṫar. An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.


Agus gaċ duine do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫre, nó deirḃṡeaṫraċa, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, ġeoḃaiḋ sé a gcéad oiread, agus béiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt aige.


Agus imṫeoċaiḋ siad‐so isteaċ i bpeannaid ṡíorraiḋe: aċt imṫeoċaiḋ na fíréin isteaċ sa mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe.


Ní siḃ‐se do ṫoġ mise, aċt is mise do ṫoġ siḃ‐se, agus do ċeapas siḃ ċum go n‐imṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go mbéaḋ ḃúr dtoraḋ buan: ionnas, cibé niḋ iarrfas siḃ ar an Aṫair im’ ainm‐se, go dtiuḃraḋ sé ḋaoiḃ é.


Aon ċraoḃ díom naċ dtugann toraḋ, scoiṫeann sé í: agus aon ċraoḃ do‐ḃeir toraḋ, glanann sé í ċum go dtiuḃraḋ sí tuilleaḋ torṫa.


An té ḃaineas do‐ġeiḃ sé tuarastal, agus cnuasann sé toraḋ le h‐aġaiḋ na beaṫaḋ síorraiḋe; ċum go mbéiḋ áṫas ar an síoladóir agus ar an mbuanaiḋe i n‐éinḟeaċt.


agus aiṫneoċaiḋ siḃ an ḟírinne, agus saorfaiḋ an ḟírinne siḃ.


Óir ní ḃéiḋ tiġearnas ag an bpeacaḋ oraiḃ: óir ní fá ḋliġe atá siḃ, aċt fá ġrása.


agus, ar mbeiṫ fuascailte ó ṗeacaḋ ḋaoiḃ, do‐rinneaḋ seirḃísiġ d’ḟíréantaċt díḃ.


Cia an tairḃe, d’á ḃriġ sin, do ḃí agaiḃ de ḃarr na neiṫe úd ċuireas náire oraiḃ anois? óir is é rud ṫagas as na neiṫiḃ úd, an bás.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas do Ḋia tré Íosa Críost ár dTiġearna. Uime sin, do‐ġním seirḃís do Ḋia le m’intinn; aċt do ḋliġe an ṗeacaiḋ lem’ ċolainn.


Ar an gcuma sin, a ḃráiṫre, atá siḃ‐se marḃ do’n dliġe tré ċorp Ċríost; ċum go mbéaḋ siḃ ceangailte do ḋuine eile, is é sin do’n té do tógaḋ ó na marḃaiḃ, ċum go dtiuḃraimís toraḋ do Ḋia.


Óir do ṡaor dliġe Spioraid na beaṫaḋ i nÍosa Críost mé ó ḋliġe an ṗeacaiḋ agus an ḃáis.


Óir an té do gairmeaḋ san Tiġearna, bíoḋ gur scláḃaiḋe é, saoránaċ an Tiġearna is eaḋ é: ar an gcuma ċéadna an té fuair gairm agus é saor, searḃónta Ċríost is eaḋ é.


Anois is é an Tiġearna an Spiorad; agus an áit ’n‐a ḃfuil Spiorad an Tiġearna, is ann atá saoirse.


Óir an é do ḋaoiniḃ, nó do Ḋia go ḃfuilim d’iarraiḋ sásaṁ do ṫaḃairt? nó an ḃfuilim d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ? Dá mbéinn fós d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ, ní ḃéinn im’ ṡeirḃíseaċ ag Críost.


Óir, a ḃráiṫre, is ċum saoirse do glaoḋaḋ siḃ; aċt aṁáin ná déanaiḋ leiṫscéal de ḃur saoirse le h‐aġaiḋ na feola, aċt biḋiḋ mar ṡeirḃísiġ i ngráḋ d’á ċéile.


Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,


(Óir atá toraḋ an tsolais i ngaċ saġas maiṫeasa, agus fíréantaċta, agus fírinne),


líonta de ṫoraḋ na fíréantaċta, ċum glóire agus aḋṁolta Dé.


Ní h‐é go ḃfuilim ag éileaṁ aon ḃronntanais; aċt gur ab aṁlaiḋ atáim ar lorg an torṫa raċas cum creideaṁna ḋaoiḃ.


ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;


Epafras, duine ḋíḃ féin, seirḃíseaċ Íosa Críost, beannuiġeann seisean daoiḃ, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaiġṫiḃ ar ḃur son, g‐á ġuiḋe go seasfaiḋ siḃ go diongḃálta, lán‐dearḃṫa de ṫoil Dé.


Pól, seirḃíseaċ Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidiṁ muinntire toġṫa Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir cráḃaiḃ,


Loirgiḋ síoṫċáin leis an uile ḋuine, mar aon leis an naoṁṫaċt naċ ḃfeicfiḋ aoinneaċ an Tiġearna ’n‐a h‐uireasḃaiḋ:


Séamas, seirḃíseaċ Dé agus an Tiġearna Íosa Críost, ċum an dá ṫreiḃ ḋéag atá ar deoraiḋeaċt, beaṫa agus sláinte.


agus slánú ḃur n‐anmann d’á ḟáġáil agaiḃ mar ṫoraḋ ḃur gcreidiṁ.


mar ṡaor‐ḋaoine, agus gan úsáid do ḃaint as ḃur saoirse ċum clúdaċ do ċur ar olcas, aċt mar ṡeirḃísiġ Dé.


Agus d’ḟreagair duine de na seanóiriḃ, g‐á ráḋ liom, Cia h‐iad so go ḃfuil na róbaí geala orṫa, agus cad as a dtáinig siad?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ