Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 6:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Cia an tairḃe, d’á ḃriġ sin, do ḃí agaiḃ de ḃarr na neiṫe úd ċuireas náire oraiḃ anois? óir is é rud ṫagas as na neiṫiḃ úd, an bás.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Ar a naḋḃarsin créd é an toraḋ fúaraḃair a nuáirsin ann sna neiṫiḃ fá a ḃfuil náire a nois oraiḃ? oír as é as críoċ ḋóiḃ bás.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 6:21
46 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

daoine, giḋ gur ab eol dóiḃ breiṫ Dé, is é sin go dtuilleann a leiṫéidí bás, ní h‐é aṁáin go ndéanann siad féin iad, aċt go n‐aon‐tuiġeann siad leis an dream do‐ġní iad.


Ar an aḋḃar sin, fá mar ṫáinig an peacaḋ ar an saoġal tré ḋuine aṁáin, agus an bás tríd an bpeacaḋ, ionnas go dtáinig an bás ċum an uile ḋuine, de ḃriġ go raiḃ peacaḋ déanta ag an uile ḋuine:


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, cibé duine d’á dtiuḃraiḋ siḃ siḃ féin mar ṡeirḃísiġ na h‐uṁlaċta, gur seirḃísiġ siḃ do’n té d’á n‐uṁluiġeann siḃ; is cuma cia aca seirḃísiġ an ṗeacaiḋ ċum báis, nó seirḃísiġ na h‐uṁlaċta ċum fíréantaċta?


Óir is é tuarastal an ṗeacaiḋ an bás, aċt is é saor‐ḃronntanas Dé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe i nÍosa Críost, ár dTiġearna.


Óir nuair ḃíomar fá réimeas na colna, na h‐ainṁianta peacaṁla do ḃí d’ár mbrostú ag an dliġe, do ḃídís ag oibriú ’n‐ár mballaiḃ ċum go dtiuḃraidís toraḋ do’n ḃás.


óir má’s do réir na feola ṁaireas siḃ, is é an bás atá i ndán daoiḃ: aċt má ḃásuiġeann siḃ gníoṁarṫa na colna le neart an Spioraid, mairfiḋ siḃ beo.


Óir is ionann an meon colnaiḋe agus an bás, aċt is ionann an meon spioradálta agus an ḃeaṫa agus an tsíoṫċáin:


aċt ṫugamar cúl leis na neiṫiḃ náireaċa cleaċtar fá rún, agus ní ḃímíd ag siuḃal i ngliocas, ná ag truailliú briaṫair Dé, aċt, ag foillsiú na fírinne ḋúinn, tuillimíd molaḋ i gcoinsias gaċ duine i ḃfiaḋnaise Dé.


Mar féaċ, an niḋ céadna so, gur cuireaḋ doilġeas diaḋa oraiḃ‐se an dúṫraċt d’oibriġ sé ionnaiḃ, agus an leiṫscéalaḋ, agus an díombuaiḋ, agus an eagla, agus an tnúṫán, agus an díoġrais, agus an díolaiḋeaċt! Do ċruṫuiġ siḃ ḃeiṫ glan ar fad san gcás so.


gur ab é a ndamnú a ndeireaḋ, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐aḋḃar maoiḋṁeaċais a náire, dream ċuireas a ndúil i neiṫiḃ saoġalta.


naċ móide go mór, an measann siḃ, an pionós ḃéas tuilte ag an té do ṡatail fá ċois Mac Dé, agus ṫug tarcuisne d’ḟuil an ċonnarṫa le n‐ar naoṁuiġeaḋ é, agus ṫug masla do Spiorad an ġrása?


aċt má ḃeireann sé driseaċ agus feoċadáin, baintear deireaḋ dúile ḋe; tá sé i mbaoġal a ṁalluiġṫe, agus is é a ḋeireaḋ a loscaḋ.


An ainṁian annsin, nuair ġeineas sí, beireann sí peacaḋ: agus an peacaḋ, nuair aibiġtear é go h‐iomlán, beireann sé bás.


bíoḋ a ḟios aige, an té ṫionntuiġeas peacaḋ ó’n sliġe ’n‐a raiḃ sé ar seaċrán, go saorfaiḋ sé a anam ó ḃás, agus go gcuirfiḋ sé folaċ ar a lán mór peacaiḋe.


Óir atá an t‐am tagṫa ċum tosnuiġṫe ar ḃreiṫeaṁnas ag tiġ Dé: agus má’s againne ṫosnóċas sé ar dtús, créad tá i ndán do na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal Dé?


Anois, a ċlann ḃeag, cóṁnuiġiḋ ann, ionnas, má foillsiġtear é, go mbéiḋ uċtaċ againn, gan náire ḃeiṫ orainn nuair ṫiocfas sé.


óir do ḋoirteadar‐san fuil na naoṁ agus na ḃfáiḋ, agus ṫugais‐se fuil le n’ól dóiḃ, mar ḃí sé tuillte aca.


Agus do teilgeaḋ an bás agus Hádes amaċ i loċ na teineaḋ. Is é seo an dara bás.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ