Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 6:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Aċt, buiḋeaċas le Dia, giḋ go raḃaḃar ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do’n ṗeacaḋ, d’uṁluiġeaḃar ó ċroiḋe do ṁoḋ an teagaisc d’á dtugaḃar siḃ féin;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Aċd buiḋeaċas ré Día, go raḃaḃair ḃur seirḃíseaċuiḃ ag an bpeacaḋ, aċd dúṁlaiġ siḃ ó ċróíḋe don ḟoirm ṫeaguisg do tugaḋ ḋíḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 6:17
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair do‐ċualadar an méid sin, do ċiúnuiġ siad, agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Is léir, mar sin, go ḃfuil aiṫriġe ċum na beaṫaḋ taḃarṫa ag Dia do na Cineaḋaċaiḃ féin.


Agus nuair fuaradar na bráiṫreaċa tuairisc ’n‐ár dtaoḃ, ṫángadar as sin ag fáiltiú róṁainn ċóṁ fada le Margaḋ Appiuis, agus Na Trí Táḃairní: agus nuair ċonnaic Pól iad ṫug sé buiḋeaċas do Ḋia, agus do ġlac sé meisneaċ.


tré n‐a ḃfuaramair‐ne grása agus abstalaċt, ċum na Cineaḋaċa uile do ṫaḃairt ċum uṁlaċta do’n ċreideaṁ,


Ar dtús, do‐ḃeirim buiḋeaċas dom’ Ḋia tré Íosa Críost ar ḃur son‐sa uile, de ḃriġ go ḃfuil tuairisc ḃur gcreidiṁ scaipṫe ar fud an doṁain ar fad.


Óir ní leoṁfad laḃairt aċt ar na neiṫiḃ do‐rinne Críost ṫríom‐sa, ċum na Cineaḋaiġ do ḋéanaṁ uṁal, le briaṫraiḃ agus le gníoṁarṫaiḃ, tré ċumas mór‐ċóṁarṫaí agus iongantaisí,


aċt atá d’á noċtaḋ anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile ċineaḋ tré scrioptúiriḃ na ḃfáiḋ, do réir aiṫne an Dé ṡíorraiḋe, ċum go mbéidís uṁal do’n ċreideaṁ;


aċt do’n dream ata ceanndána, naċ n‐uṁluiġeann do’n ḟírinne, aċt uṁluiġeas do’n éigceart,


Do‐ḃeirim buiḋeaċas i gcóṁnaiḋe lem’ Ḋia ’n‐ḃur dtaoḃ, as uċt grása Dé tugaḋ ḋaoiḃ i nÍosa Críost;


Anois, a ḃráiṫre, má ṫagaim ċugaiḃ ag laḃairt i dteangṫaċaiḃ, cia an maiṫeas ḋéanfad daoiḃ, muna mbéiḋ foillsiú, nó eolas, nó fáiḋeadóireaċt, nó teagasc éigin agam d’á ṫaḃairt?


Aċt buiḋeaċas le Dia, ṫreoruiġeas go buaḋaċ i gCríost sinn i gcóṁnaiḋe, agus scaipeas san uile áit tré n‐ár láṁaiḃ an ċuṁraċt ṫig ó eolas air.


ní scuraim de ḃeiṫ ag breiṫ buiḋeaċais ar ḃur son, ag cuiṁneaṁ oraiḃ im’ urnaiġṫiḃ;


Óir cia an buiḋeaċas ḟéadaimíd a ṫaḃairt arís do Ḋia ar ḃur son as uċt an áṫais ṁóir atá orainn ’n‐ḃur dtaoḃ i ḃfiaḋnaise ár nDé:


Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;


Congḃuiġ go daingean sompla na mbriaṫar maiṫ do ċualais uaim, san gcreideaṁ agus san ngráḋ atá i nÍosa Críost.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas lem’ Ḋia, ag cuiṁneaṁ i gcóṁnaiḋe ort im’ urnaiġṫiḃ,


Tré ċreideaṁ Abraċam, nuair fuair sé an ġairm, d’uṁluiġ sé agus d’imṫiġ sé amaċ go h‐áit do ḃí le fáġáil aige mar oiḋreaċt ’n‐a ḋiaiḋ sin; agus d’imṫiġ sé amaċ, gan a ḟios aige cá raiḃ a ṫriall.


agus tar éis dó teaċt i ḃfoirḃṫeaċt, do ḃí sé mar uġdar slánuiġṫe ṡíorraiḋe do na daoiniḃ go léir uṁluiġeas dó;


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


Aċt cineaḋ toġṫa is eaḋ siḃ‐se, sagartaċt ríoġḋa, náisiún naoṁṫa, pobal atá ’n‐a ṡealḃaċas ar leiṫ aige féin; ċum go ḃfógróċaḋ siḃ tréiṫe oirḋearca an té do ġlaoḋ as an dorċadas siḃ ċum a ṡolais iongantaiġ féin:


A ṁná, biḋiḋ‐se uṁal, mar an gcéadna, d’ḃur ḃfearaiḃ féin; ionnas, má tá aon ċuid aca naċ n‐uṁluiġeann do’n ḃriaṫar, go mbuaiḋfear orṫa, i n‐éagmais an ḃriaṫair, le deaġ‐iomċar a mbainċéile;


Óir atá an t‐am tagṫa ċum tosnuiġṫe ar ḃreiṫeaṁnas ag tiġ Dé: agus má’s againne ṫosnóċas sé ar dtús, créad tá i ndán do na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal Dé?


Ba ṁór an gáirdeaċas do ċuir sé orm cuid ded’ ċlainn d’ḟáġáil ag siuḃal san ḃfírinne, do réir na h‐aiṫne fuaramar ó’n Aṫair.


Is mór an gáirdeaċas do ḃí orm nuair ṫáinig na bráiṫre ċugam ag taḃairt fiaḋnaise leo ar an ḃfírinne atá ionnat, cionnas táir ag siuḃal san ḃfírinne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ