Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 6:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Óir ní ḃéiḋ tiġearnas ag an bpeacaḋ oraiḃ: óir ní fá ḋliġe atá siḃ, aċt fá ġrása.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Oír ní ḃiáiḋ tiġearnus ag an bpeacaḋ oraiḃ: do ḃríġ náċ fáoi an dliġeaḋ atá siḃ, aċd faói ġrásuiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 6:14
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Béarfaiḋ sí mac, agus do‐ḃéarfaiḋ tú ÍOSA mar ainm air, óir slánóċaiḋ sé a ṗobal ó n‐a bpeacaiḋiḃ.


Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.


Óir tugaḋ an reaċt tré Ṁaois, aċt ṫáinig grás agus fírinne tré Íosa Críost.


Ar an aḋḃar sin, má ṡaorann an Mac siḃ, béiḋ siḃ saor dá ríriḃ.


Agus má’s tré ġrása é, ní tré oibreaċaiḃ é a ṫuilleaḋ: nó ní ḃéiḋ grása ’n‐a ġrása ’n‐a ḋiaiḋ sin.


D’á ḃriġ sin is ó ċreideaṁ atá an oiḋreaċt, ċum go mbéaḋ sí do réir grása: ċum go mbéaḋ an geallaṁain diongḃálta do’n tslioċt uile: ní h‐é aṁáin do na daoiniḃ atá fá’n dliġe, aċt do’n dream sin, leis, go ḃfuil an creideaṁ céadna aca agus ḃí ag Abraċam, atá ’n‐a aṫair againn go léir,


Óir má’s tré ċionnta an aon duine aṁáin ṫáinig réimeas an ḃáis ṫrid an aon duine aṁáin; is mó ’ná sin go mór ḃéas réimeas na beaṫaḋ ṫríd an aon duine aṁáin aca‐san do‐ġeiḃeas leor‐ġrása líonṁar agus taḃartas na fíréantaċta tríd an aon duine aṁáin, Íosa Críost.


Uime sin, díreaċ mar gur tré ċionnta duine aṁáin ṫáinig an daoraḋ ar an uile ḋuine; ar an gcuma ċéadna is tré ġníoṁ duine aṁáin ṫáinig an fíréanú do‐ḃeir beaṫa do’n uile ḋuine tré ġníoṁ fíréantaċta aṁáin.


D’á ḃriġ sin ná bíoḋ réimeas ag an bpeacaḋ ’n‐ḃur gcorp daonna, ċum go ngéillfeaḋ siḃ d’á ainṁiantaiḃ:


Créad uime sin? an ndéanfaimíd peacaḋ de ḃriġ naċ fá ḋliġe atáimíd, aċt fá ġrása? Nár leigiḋ Dia é.


Ar an aḋḃar sin, a ḃráiṫre, ní do’n ḟeoil atáimíd fá ḟiaċaiḃ, ċum go mairfimís do réir na feola:


Óir do ṡaor dliġe Spioraid na beaṫaḋ i nÍosa Críost mé ó ḋliġe an ṗeacaiḋ agus an ḃáis.


Aċt sul a dtáinig an creideaṁ, do ċongḃuiġeaḋ sinn fá’n dliġe i gcoiṁeád fá ċóṁair an ċreidiṁ do ḃí le foillsiú ’n‐a ḋiaiḋ sin.


Innsiḋ ḋom, siḃ‐se gur mian liḃ ḃeiṫ fá’n dliġe, naċ n‐airiġeann siḃ an dliġe?


Aċt má tá siḃ fá ṫreorú an Spioraid, ní ḟuil siḃ fá’n dliġe.


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


Óir is é seo an connraḋ ḋéanfad le teaġlaċ Israel Tar éis na laeṫe úd, adeir an Tiġearna: Cuirfead mo ḋliġṫe isteaċ ’n‐a n‐aigne, Agus scríoḃfad ar a gcroiḋe iad: Agus béiḋead im’ Ḋia aca, Agus béiḋ siad‐san ’n‐a bpobal agam:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ