Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 5:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Aċt noċtann Dia an gráḋ atá aige féin dúinn, de ḃriġ, ar mbeiṫ ḋúinn ’n‐ár bpeaċaċaiḃ, go ḃfuair Críost bás ar ár son.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Aċd foillsiġiḋ Día a ġráḋ féin dúinne ann so, do ḃriġ ag mbeiṫ ḋúinn fós ar bpeacṫaċuiḃ, gur ḟuiling Críosd bás air ar son.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 5:8
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní ḟuil gráḋ ag aon duine is mó ’ná so, go dtiuḃraḋ duine a anam ar son a ċarad.


Óir do ġráḋuiġ Dia an saoġal ċóṁ mór sin, go dtug sé a Aon‐Ṁac féin, ionnas, gaċ duine creidfeaḋ ann, naċ gcaillfiḋe é, aċt go mbéaḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige.


Aċt má noċtann ár n‐éagcóir fíréantaċt Dé, créad adéarfaimíd? An ḃfuil Dia éagcóraċ, ag éirġe ċum feirge ḋó? (ag laḃairt ar nós na ndaoine atáim).


agus do tógaḋ suas arís le n‐ár ḃfíréanú.


mar sin is eaḋ déanfar fíréanaiġ d’á lán tré uṁlaċt duine aṁáin. Agus ṫáinig an dliġe isteaċ ’na ḋiaiḋ sin ċum go méadóċaiḋe an cionnṫa. Aċt san áit ’n‐ar ṁéaduiġ an peacaḋ, ba mó ’ná sin go mór do ṁéaduiġ an grása:


Óir nuair ḃíomar i n‐ísle ḃriġe, fuair Críost bás i dtráṫ cóir ar son na neaṁ‐ḋiaḋa.


Óir is ar éigean do‐ġeoḃaḋ duine bás ar son fíréanaiġ: aċt do b’ḟéidir go mbéaḋ sé de ċroiḋe ag duine bás d’ḟáġáil ar son deaġ‐ḋuine.


An té nár spáráil a Ṁac féin, aċt ṫug suas ar son an uile ḋuine againn é, naċ mbronnfaiḋ sé gaċ uile niḋ orainn i n‐éinḟeaċt leis?


ná áirde, ná doiṁneaċt, ná rud ar biṫ eile d’ár cruṫuiġeaḋ, naċ ḃféadfaiḋ siad sinn do scaraṁain ó’n ngráḋ atá ag Dia ḋúinn i nÍosa Críost ár dTiġearna.


Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon.


ċum go dtaisbeánfaḋ sé ins na h‐aoisiḃ do ḃí le teaċt an‐ċuimse saiḋḃris a ġrása tré n‐a ṁaiṫeas ’n‐ár dtaoḃ i nÍosa Críost:


agus siuḃlaiḋ i ngráḋ, fá mar ġráḋuiġ Críost siḃ‐se, agus ṫug é féin ar ár son, ’n‐a ṫoirbirt agus ’n‐a íoḋbairt ḋeaġ‐ċuṁra do Ḋia.


Aċt ċuige sin is eaḋ fuaras trócaise, ċum go noċtfaḋ Íosa Críost a ḟad‐ḟulang uile ionnam‐sa ar dtús, ċum go mbéinn mar eisiompláir do’n dream do ḃí le creideaṁain ann, ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


Óir órduiġtear gaċ árd‐ṡagart ċum taḃartaisí agus íoḋbarṫa d’ofráil: agus d’á ḃriġ sin ní foláir do’n árd‐ṡagart niḋ éigin ḃeiṫ aige le n’íoḋbairt.


Óir d’ḟulaing Críost féin, aon uair aṁáin, ar son na bpeacaiḋe, an fíréan i n‐éiric na neiṁḟíréan, ċum sinn do ṫaḃairt ċum Dé; d’á ċur ċum báis san ḃfeoil, aċt d’á ḃeoḋaḋ san spiorad;


Air so is eaḋ aiṫniġmíd an gráḋ, de ḃriġ go dtug seisean a anam ar ár son; agus ba ċeart dúinne ár n‐anam do ṫaḃairt ar son na mbráṫar.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ