Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 5:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Uime sin, díreaċ mar gur tré ċionnta duine aṁáin ṫáinig an daoraḋ ar an uile ḋuine; ar an gcuma ċéadna is tré ġníoṁ duine aṁáin ṫáinig an fíréanú do‐ḃeir beaṫa do’n uile ḋuine tré ġníoṁ fíréantaċta aṁáin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Ar a naḋḃarsin, aṁail as tré áonċoir aṁáin ṫáinic bréiṫeaṁnus air ná huile ḋaóiniḃ ċum damanta; is mar sin ṫáinic an taḃartus tré áontsáoraḋ aṁáin air gaċ uile ḋuine ċum sáorṫa na beaṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 5:18
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ṫáinig seisean mar ḟiaḋnaise, ċum go ndéanfaḋ sé fiaḋnaise i dtaoḃ an tsolais, ċum go gcreidfeaḋ gaċ aoinneaċ tríd.


Agus mise, má árduiġṫear mé ó’n talaṁ, tarraingeoċad ċugam na daoine uile.


Agus ṫángadar ċum Eoin, agus aduḃradar leis, A Rabbí, an té úd do ḃí id’ ḟoċair taoḃ ṫall de Iórnán, go dtug tú fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ, féaċ, atá sé ag baisteaḋ, agus atá gaċ aoinneaċ ag teaċt ċuige.


agus gur tríd‐sean saorṫar gaċ aoinneaċ ċreideas ó na cionntaiḃ go léir naċ ḃféadfaiḋe ḃúr saoraḋ uaṫa de réir reaċta Ṁaoise.


an té do ċeap Dia ċum ḃeiṫ ’n‐a ċúiteaṁ tré ċreideaṁ ’n‐a ḟuil, ċum a ḟíréantaċt d’ḟoillsiú, ag déanaṁ neaṁ‐ċáis de na peacaiḋiḃ do ḃí déanta roiṁe sin, tré leor‐ḟoiġid Dé;


agus do tógaḋ suas arís le n‐ár ḃfíréanú.


Ar an aḋḃar sin, fá mar ṫáinig an peacaḋ ar an saoġal tré ḋuine aṁáin, agus an bás tríd an bpeacaḋ, ionnas go dtáinig an bás ċum an uile ḋuine, de ḃriġ go raiḃ peacaḋ déanta ag an uile ḋuine:


Aċt ní mar a ċéile do’n tsaor‐ḃronntanas agus do’n ċionnta. Óir má’s de ḃárr cionnta duine aṁáin fuair mórán bás, is mó ’ná sin go mór do ṁéaduiġ do ṁórán grása Dé agus an bronntanas tré ġrása duine aṁáin, is é sin Íosa Críost.


Óir fá mar rinneaḋ peacaiġ d’á lán daoine tré easuṁlaċt duine aṁáin,


Óir ní ḃéiḋ tiġearnas ag an bpeacaḋ oraiḃ: óir ní fá ḋliġe atá siḃ, aċt fá ġrása.


Óir aṁail mar ġeiḃeann gaċ uile ḋuine bás i nÁḋaṁ, mar an gcéadna is eaḋ aiṫḃeoċar gaċ uile ḋuine i gCríost.


Aċt ċímíd Íosa, do rinneaḋ níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feaḋ tamaill ḃig, ċímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’ḟulang, ċum, tré ġrása Dé, go mblaisfeaḋ sé bás ar son gaċ uile ḋuine.


Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost:


Maidir liḃ‐se, atá ungaḋ ó’n Té Naoṁṫa agaiḃ, agus atá eolas iomlán agaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ