Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 4:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 D’á ḃriġ sin is ó ċreideaṁ atá an oiḋreaċt, ċum go mbéaḋ sí do réir grása: ċum go mbéaḋ an geallaṁain diongḃálta do’n tslioċt uile: ní h‐é aṁáin do na daoiniḃ atá fá’n dliġe, aċt do’n dream sin, leis, go ḃfuil an creideaṁ céadna aca agus ḃí ag Abraċam, atá ’n‐a aṫair againn go léir,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Uime sin is ó ċreideaṁ, ata a noiḋreaċd, ionnus go mbíaḋ si tré ġrasuiḃ; ċum na geallaṁna do ḃeiṫ diongṁála don tsíol uile; ní hé aṁáin don ċuid atá don dliġeaḋ, aċd mar an gcéudna don ċuid atá do ċreideaṁ Abraham; atá na aṫair aguinne uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 4:16
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃairt Íosa leis, Atá slánú tagṫa ċum an tiġe seo indiu, óir is mac le Abraċam é seo, leis.


Óir adeirim go raiḃ Íosa Críost ’n‐a ṡeirḃíseaċ ag luċt an timċeall‐ġearrṫa, ċum fírinne Dé do ċruṫú, ċum go ndaingneoċaḋ sé na geallaṁnaċa tugaḋ do na sinnsearaiḃ,


is í sin fíréantaċt Dé tré ċreideaṁ i nÍosa Críost do na daoiniḃ ċreideas; óir níl aon idirḋealḃaḋ ann;


naċ é Dia na gCineaḋaċ é, ċoṁ maiṫ? Is é, is é Dia na gCineaḋaċ é ċoṁ maiṫ: má’s fíor gur ab é an t‐aon Dia aṁáin a ḟíréanóċas luċt an timċeall‐ġearrṫa tré ċreideaṁ, agus luċt an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa tré ċreideaṁ.


agus fuair sé cóṁarṫa an timċeall‐ġearrṫa, séala firéantaċta an ċreidiṁ do ḃí aige an tráṫ ’n‐a raiḃ sé gan timċeall‐ġearraḋ: ċum go mbéaḋ sé ’n‐a aṫair do na daoiniḃ ċreideas, giḋ go ḃfuilid gan timċeall‐ġearraḋ, ċum go n‐áirṁfiḋe fíréantaċt dóiḃ;


D’á ḃriġ sin, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré ċreideaṁ, atá síoṫċáin againn le Dia tríd ár dTiġearna Íosa Críost;


Is ionann sin agus a ráḋ, naċ iad clann na feola clann Dé; aċt gur ab iad clann na geallaṁna meastar mar ṡlioċt.


ċum go dtiocfaḋ beannú Abraċaim i nÍosa Críost ar na Cineaḋaċaiḃ; ċum go ḃfaiġmís tré ċreideaṁ an Spiorad do ḃí geallta.


Anois is d’Abraċam agus d’á ṡlioċt tugaḋ na geallaṁnaċa. Ní abrann sé, Agus do ṡlioċtaiḃ, mar ḃéaḋ mórán ann; aċt gan aċt slioċt aṁáin ḃeiṫ ann. Agus dod’ ṡlioċt, is é sin Críost.


Aċt do réir na Scrioptúra, atá cáċ i ngéiḃeann ag an bpeacaḋ, ċum go dtiuḃrṫaí an ġeallaṁain tré ċreideaṁ i nÍosa Críost do na daoiniḃ ċreideas.


nuair ḃíomar marḃ de ḋeascaiḃ ár gcionnta, do ḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt le Críost sinn (is tré ġrása do slánuiġeaḋ siḃ), agus do ṫóg sé suas sinn i n‐éinḟeaċt leis,


óir is le grása do slán uiġeaḋ siḃ tré ċreideaṁ; ní uaiḃ féin é: bronntanas Dé is eaḋ é:


ionnas, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ġrása, go ndéanfaiḋe oiḋrí ḋínn do réir dóċais na beaṫaḋ síorraiḋe.


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, déanaiḋ iarraċt san mbreis ar ḃur ngairm agus ar ḃur dtoġaḋ do ḋaingniú: óir ag cleaċtaḋ na neiṫe seo ḋaoiḃ, ní ṫuisleoċaiḋ siḃ ċoiḋċe:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ