Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 3:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Óir measaimíd go ḃfíréanuiġtear an duine tré ċreideaṁ, gan baint le h‐oibreaċaiḃ dliġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Measamuid ar a naḋḃarsin gur lé creideaṁ ṡáorṫar an duine a néagṁuis oibreaċ an dliġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 3:28
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ.


Óir is é toil m’Aṫair, an uile ḋuine do‐ċí an Mac, agus ċreideas ann, go ḃfaiġeaḋ sé an ḃeaṫa ṡíosraiḋe, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.


ċum a ḟíréantaċt do noċtaḋ san am so atá de láṫair: ionnas go mbéaḋ sé féin fírinneaċ, agus go ḃfíréanóċaḋ sé an té ċreideas i nÍosa.


Aċt do’n duine naċ ndéanann obair, aċt ċreideas san té ḟíréanuiġeas an duine neiṁ‐ḋiaḋa, áirṁṫear a ċreideaṁ‐san mar ḟíréantaċt.


D’á ḃriġ sin, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré ċreideaṁ, atá síoṫċáin againn le Dia tríd ár dTiġearna Íosa Críost;


Óir an niḋ naċ raiḃ ar ċumas do’n dliġe do ḋéanaṁ, de ḃriġ go raiḃ sé lag de ḃárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do ċuir sé uaiḋ a Aon‐Ṁac féin i gcosaṁlaċt colna peacaṁla; is é sin, mar íoḋḃairt ar son an ṗeacaiḋ, do ḋaṁnuiġ sé an peacaḋ san ċolainn,


Agus do ḃí a leiṫeidí sin oraiḃ‐se: aċt do niġeaḋ siḃ, aċt do naoṁuiġeaḋ siḃ, aċt do fíréanuiġeaḋ siḃ i n‐ainm an Tiġearna Íosa, agus tré Spiorad ár nDé.


aċt gur ab eol dúinn naċ ḃfíréanuiġtear an duine tré oibreaċaiḃ dliġe, aċt aṁáin tré ċreideaṁ i nÍosa Críost, do ċreideamar féin i nÍosa Críost, ċum go ḃfíréanóċaiḋe sinn tré ċreideaṁ i gCríost, agus ní tré oibreaċaiḃ dliġe: de ḃriġ naċ tré oibreaċaiḃ dliġe fíréanoċar feoil ar biṫ.


Ar ṁoḋ gurḃ é an dliġe ár n‐oide ċum sinn do ṫreorú ċum Ċríost, ċum go ḃfíréanóċaiḋe sinn tré ċreideaṁ.


Agus an scrioptúir, g‐á ḟeicsin roiṁ ré go ḃfíréanóċaḋ Dia na Cineaḋaiġ tré ċreideaṁ, d’ḟóġair sé an soiscéal roiṁ ré d’Abraċam, g‐á ráḋ, Beannóċar ionnat‐sa na náisiúin uile.


ní ó oibreaċaiḃ é, ar eagla go ndéanfaḋ aon duine maoiḋṁeaċas.


agus go ḃfaiġfiḋe mé ann, gan fíréantaċt dem’ ċuid féin ḃeiṫ agam, fíréantaċt ó’n dliġe, aċt an ḟíréantaċt ṫig ó Ḋia tré ċreideaṁ;


ionnas, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ġrása, go ndéanfaiḋe oiḋrí ḋínn do réir dóċais na beaṫaḋ síorraiḋe.


Aċt déarfaiḋ duine éigin, Atá creideaṁ agat‐sa, agus atá gníoṁarṫa agam‐sa: taisbeán do ċreideaṁ ḋom i n‐éagmais do ġníoṁarṫa, agus taisbeánfad‐sa mo ċreideaṁ ḋuit‐se lem’ ġníoṁarṫáiḃ.


Aċt, a ḋuine diċéilliḋe, an toil leat a ḟoġlaim gur niḋ gan éifeaċt an creideaṁ gan gníoṁarṫa?


Do‐ċí siḃ go ḃfíréanuiġtear an duine, ní h‐é le creideaṁ aṁáin, aċt le gníoṁarṫaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ