Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 3:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Cia an t‐aḋḃar maoiḋṁeaċais atá ann, mar sin? Ní ḟuil sé ceaduiġṫe. Ag cia an dliġe? Ag dliġe na h‐oibreaċ, an eaḋ? Ní h‐eaḋ, aċt ag dliġe an ċreidiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Ar a naḋḃarsin cáit a ḃfuil an ṁórḋháil? Atá sí ar na cur amaċ. Cía an dliġeaḋ? an tré ḋliġeaḋ na noibreaċa? Ní heaḋ, aċd tré ḋliġeaḋ an ċrediṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 3:27
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An té ċreidfeas agus baistfear, saorfar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, daorfar é.


An té ċreideas sa Mac, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige; aċt an té naċ n‐uṁluiġeann do’n Ṁac, ní ḟeicfiḋ sé an ḃeaṫa, aċt atá díḃeirg Dé i gcóṁnaiḋe air.


Mar scríoḃann Maois ar an ḃfíréantaċt ṫig ó’n dliġe, An té ċleaċtas na neiṫe sin, go mairfiḋ sé d’á mbárr.


Agus má’s tré ġrása é, ní tré oibreaċaiḃ é a ṫuilleaḋ: nó ní ḃéiḋ grása ’n‐a ġrása ’n‐a ḋiaiḋ sin.


Aċt má tá ainm lúdaiġ ort, agus má’s ar an dliġe atá do ṡeasaṁ, agus má ṁaoiḋeann tú as Dia,


tusa ṁaoiḋeas as an dliġe, an dtugann tú easonóir do Ḋia tré ḃriseaḋ an dliġe?


Anois, atá a ḟios againn, cibé niḋ adeir an dliġe, gur leis an dream atá fá’n dliġe adeir sí é; ċum go ndúntar gaċ béal agus go dtugtar an doṁan uile fá ḃreiṫeaṁnas Dé:


ċum a ḟíréantaċt do noċtaḋ san am so atá de láṫair: ionnas go mbéaḋ sé féin fírinneaċ, agus go ḃfíréanóċaḋ sé an té ċreideas i nÍosa.


Óir má fíréanuiġeaḋ Abraċam de ḃárr oibreaċ, atá aḋḃar maoiḋṁeaċais aige; aċt ní os cóṁair Dé é.


Do‐ġeiḃim ionnam an dliġe, mar sin, nuair ba ṁian liom an ṁaiṫ do déanaṁ, gur ab é an peacaḋ ċóṁnuiġeas ionnam.


aċt ċím dliġe eile im’ ḃallaiḃ, ag cur i gcoinniḃ dliġe m’intinne, agus gam’ ṫaḃairt i mbraiġdeanas fá ḋliġe an ṗeacaiḋ atá im’ ḃallaiḃ.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas do Ḋia tré Íosa Críost ár dTiġearna. Uime sin, do‐ġním seirḃís do Ḋia le m’intinn; aċt do ḋliġe an ṗeacaiḋ lem’ ċolainn.


Óir do ṡaor dliġe Spioraid na beaṫaḋ i nÍosa Críost mé ó ḋliġe an ṗeacaiḋ agus an ḃáis.


óir sara rugaḋ an ċlann, gan éinniḋ maiṫ ná olc ḃeiṫ déanta aca, ċum go mbéaḋ cuspóir Dé san toġa seasṁaċ, ní mar ġeall ar oibreaċaiḃ é, aċt de ṫoil an té ġlaoḋas;


aċt Israel, do ḃí ag lorg dliġe fíréantaċta, níor éiriġ leo an dliġe sin d’ḟáġáil.


Cad ċuige sin? De ḃriġ nár tré ċreideaṁ do ḃíodar g‐á lorg, aċt mar ḃéaḋ tré oibreaċaiḃ. Do baineaḋ tuisleaḋ asta ar ċeap an tuisliḋ:


Óir cia rinne duine ar leiṫ ḋíot‐sa? agus créad atá agat naċ ḃfuarais? agus má fuarais féin é, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ag maoiḋeaṁ, aṁail agus naċ ḃfuarais é?


aċt gur ab eol dúinn naċ ḃfíréanuiġtear an duine tré oibreaċaiḃ dliġe, aċt aṁáin tré ċreideaṁ i nÍosa Críost, do ċreideamar féin i nÍosa Críost, ċum go ḃfíréanóċaiḋe sinn tré ċreideaṁ i gCríost, agus ní tré oibreaċaiḃ dliġe: de ḃriġ naċ tré oibreaċaiḃ dliġe fíréanoċar feoil ar biṫ.


Aċt do réir na Scrioptúra, atá cáċ i ngéiḃeann ag an bpeacaḋ, ċum go dtiuḃrṫaí an ġeallaṁain tré ċreideaṁ i nÍosa Críost do na daoiniḃ ċreideas.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ