Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 3:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 an té do ċeap Dia ċum ḃeiṫ ’n‐a ċúiteaṁ tré ċreideaṁ ’n‐a ḟuil, ċum a ḟíréantaċt d’ḟoillsiú, ag déanaṁ neaṁ‐ċáis de na peacaiḋiḃ do ḃí déanta roiṁe sin, tré leor‐ḟoiġid Dé;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Noċ do órduiġ Día na ċeann réiġtiġ tré ċreideaṁ ann a ḟuil, ċom a ḟíréantaċda dfoillsiuġaḋ, tré ṁaiṫṁeaċas na bpeacaḋ do ċuáiḋ ṫaruinn, a ḃfoiġid Dé;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 3:25
51 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige.


an té do leig do na cineaḋaċaiḃ, ins na tráṫaiḃ atá imṫiġṫe, siuḃal ar a sliġṫiḃ féin.


Adeir an Tiġearna, atá ag cur na neiṫe sin i dtuigsin ó ṫosaċ an tsaoġail.


Do leig Dia aimsear an ainḃfiosa ṫairis, aċt anois atá sé g‐á ḟógairt do na daoiniḃ ins gaċ aon áit aiṫriġe do ḋéanaṁ:


tugaḋ suas é de réir cóṁairle cinnte agus réiṁ‐eolais Dé, agus do ċroċaḃair‐se agus do ṁarḃaḃar é le láiṁ cuirpṫeaċ:


Aċt is ar an gcuma sin do ċóiṁlíon Dia an méid a ṫug Dia le tuigsin daoiḃ roiṁ ré tré ḃéal na ḃfáiḋ go léir, go gcaiṫfeaḋ a Ċríost fulang.


d’ungais‐se, ag déanaṁ gaċ ar ċeap do láṁ agus do ċóṁairle roiṁ ré a ṫaḃairt ċum críċe.


Nó an beag is fiú leat saiḋḃreas a ṁór‐ṁaiṫeasa agus a ḟad‐ḟulaing agus a ḟoiġde, gan a ḟios agat gur ab é maiṫeas Dé atá gad’ ṫarraing ċum aiṫreaċais?


ċum a ḟíréantaċt do noċtaḋ san am so atá de láṫair: ionnas go mbéaḋ sé féin fírinneaċ, agus go ḃfíréanóċaḋ sé an té ċreideas i nÍosa.


D’á ḃriġ sin, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré ċreideaṁ, atá síoṫċáin againn le Dia tríd ár dTiġearna Íosa Críost;


Agus ní h‐é sin aṁáin é, aċt do‐ġnímíd gáirdeaċas i nDia tríd ár dTiġearna Íosa Críost, tré n‐a ḃfuaramar an réiḋteaċ sin.


Uime sin, díreaċ mar gur tré ċionnta duine aṁáin ṫáinig an daoraḋ ar an uile ḋuine; ar an gcuma ċéadna is tré ġníoṁ duine aṁáin ṫáinig an fíréanú do‐ḃeir beaṫa do’n uile ḋuine tré ġníoṁ fíréantaċta aṁáin.


Uime sin is móide an fáṫ, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ḟuil, go slánóċar sinn ó’n díḃeirg ṫríd‐sean.


Glanaiḋ amaċ an sean‐laiḃín ar fad, ċum go mbéiḋ siḃ ’n‐ḃur gcnap úr‐nua, do réir mar tá siḃ gan laiḃín. Óir atá ár n‐uan cásca, is é sin Críost, íoḋbarṫa.


Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann.


’n‐a ḃfuil fuasclaḋ againn tré n‐a ḟuil, maiṫeaṁnas ár bpeacaḋ,


Aċt anois, siḃ‐se do ḃí i gcéin roiṁe seo, atá siḃ taḃarṫa i gcóṁgar tré ḟuil Ċríost.


Is inċreidṫe an focal é, agus is fiú glacaḋ ar fad leis, go dtáinig Íosa Críost isteaċ san tsaoġal ċum peacaiġ do ṡlánú; agus is mise an té is measa ḋíoḃ.


Óir ní féidir go nglanfaḋ fuil tarḃ agus gaḃar peacaiḋe.


Óir na daoine adeir neiṫe d’á leiṫéidiḃ sin, cuireann siad i dtuigsin gur ar lorg dúṫaiġe leo féin atáid.


Tré ċreideaṁ Abraċam, nuair rinne Dia froṁaḋ air, d’íoḋbair sé Íosóg; an té fuair a raiḃ geallta, do ḃí sé ag íoḋbairt a aon‐ġeine;


Tré ċreideaṁ Naoi, iar ḃfáġáil raḃaiḋ ó Ḋia i dtaoḃ na neiṫe naċ raiḃ fós le feicsin, le h‐eagla agus le hurramaċt do ċuir sé áirc i gcóir ċum a ṫeaġlaċ féin do ṡáḃáil: agus d’á ḃárr sin do ċionntuiġ sé an saoġal, agus do rinneaḋ oiḋre na fíréantaċta atá tré ċreideaṁ ḋe.


ar an gcuma ċéadna, foillseoċar Críost gan peacaḋ, an dara h‐uair, do na daoiniḃ atá ag fanaṁain leis, ċum a slánuiġṫe, tar a éis dó a íoḋbairt féin an t‐aon uair aṁáin ċum peacaiḋe móráin d’iomċar.


agus os a ċionn sin cerúbím na glóire, go raiḃ a scáṫ mar ċlúdaċ ar ċaṫaoir na trócaire; aċt ní féidir linn laḃairt ’n‐a dtaoḃ sin fá leiṫ anois.


Má deirimíd naċ ḃfuil peacaḋ déanta againn, bréagnuiġmíd é, agus ní ḟuil a ḃriaṫar ionnainn.


agus is eisean an t‐íoḋbarṫaċ, ní h‐aṁáin ar son ár bpeacaiḋe‐ne, aċt ar son peacaiḋe an doṁain ar fad.


Is ann atá an gráḋ, ní h‐é go dtugamar gráḋ do Ḋia, aċt go dtug seisean gráḋ ḋúinne, agus gur ċuir sé a Ṁac uaiḋ mar íoḋbarṫaċ ar son ár bpeacaiḋe.


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Agus ḃéarfaiḋ luċt áitreaḃa na talṁan aḋraḋ ḋó, gaċ duine naċ ḃfuil a ainṁ scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain do h‐íoḋbaraḋ ó ḃunaḋ an doṁain.


Agus cibé duine naċ ḃfríṫ scríoḃṫa i leaḃar na beaṫaḋ, do teilgeaḋ é amaċ i loċ na teineaḋ.


Agus do ċanadar aṁrán úr‐nua, g‐á ráḋ, Is fiú ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ agus a ṡéalaí d’ḟoscailt: de ḃriġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiġis do Ḋia led’ ḟuil daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ pobal, agus de gaċ cineaḋ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ