Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 3:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 aċt fíréanuiġtear iad i n‐aisce tré n‐a ġrása, tríd an ḃfuasclaḋ atá le fáġáil i nÍosa Críost:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus atáid ar na sáoraḋ a naisgiḋ ré na ġrásuiḃsean trés an ḃfúasglaḋ do rinneaḋ lé Híosa Críosd:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 3:24
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

ar ċuma Ṁic an Duine naċ dtáinig ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum go ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus ċum a anam do ṫaḃairt i n‐éiric móráin.


Aċt creidimíd go slánóċar sinne tré ġrás an Tiġearna Íosa, fá mar slánuiġeaḋ iad‐san.


D’á ḃriġ sin is ó ċreideaṁ atá an oiḋreaċt, ċum go mbéaḋ sí do réir grása: ċum go mbéaḋ an geallaṁain diongḃálta do’n tslioċt uile: ní h‐é aṁáin do na daoiniḃ atá fá’n dliġe, aċt do’n dream sin, leis, go ḃfuil an creideaṁ céadna aca agus ḃí ag Abraċam, atá ’n‐a aṫair againn go léir,


Aċt do’n té do‐ġní obair, ní mar ġrása áirṁṫear luaċ a ṡaoṫair ḋó, aċt mar ḟiaċa.


Uime sin is móide an fáṫ, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ḟuil, go slánóċar sinn ó’n díḃeirg ṫríd‐sean.


Óir is tríd‐sean atá siḃ i nÍosa Críost, an té do‐rinneaḋ eagna ó Ḋia ḋúinn mar ḟíréantaċt, agus mar naoṁṫaċt, agus mar ḟuascailt:


Agus do ḃí a leiṫeidí sin oraiḃ‐se: aċt do niġeaḋ siḃ, aċt do naoṁuiġeaḋ siḃ, aċt do fíréanuiġeaḋ siḃ i n‐ainm an Tiġearna Íosa, agus tré Spiorad ár nDé.


an té ’n‐a ḃfuil fuasclaḋ againn tré n‐a ḟuil, maiṫeaṁnas ár bpeacaiḋe.


ṫug é féin mar éiric ar son an uile ḋuine, gur tugaḋ a ḟiaḋnaise ’n‐a am féin.


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


Agus do ċanadar aṁrán úr‐nua, g‐á ráḋ, Is fiú ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ agus a ṡéalaí d’ḟoscailt: de ḃriġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiġis do Ḋia led’ ḟuil daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ pobal, agus de gaċ cineaḋ,


Agus aduḃras‐sa leis, A Ṫiġearna, atá a ḟios agat‐sa. Agus aduḃairt seisean liom, Is iad na daoine ṫáinig as an anró mór iad so, agus do niġeadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i ḃfuil an Uain.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ