Anois, atá a ḟios againn, cibé niḋ adeir an dliġe, gur leis an dream atá fá’n dliġe adeir sí é; ċum go ndúntar gaċ béal agus go dtugtar an doṁan uile fá ḃreiṫeaṁnas Dé:
Créad é, mar sin? An ḃfuil an scéal níor fearr againn ’ná tá aca‐san? Ní ḟuil ar ċor ar biṫ; mar ċruṫuiġeamar ċeana go ḃfuil an uile ḋuine, lúdaiġ agus Gréagaiġ, fá ċuing an ṗeacaiḋ;
Iarraim d’aṫċuinġe ar na seanóiriḃ ’n‐ḃur measc, mise atá im’ ṡeanóir, ċóṁ maiṫ, agus im’ ḟiaḋnaiḋe ar ar ḟulaing Críost, agus im’ rannṗáirtiḋe, leis, de’n ġlóir foillseoċar:
Agus Dia an uile ġrása, do ġlaoḋ ċum a ġlóire féin i gCríost siḃ, tar a éis daoiḃ fulang ar feaḋ tamaill ḃig, foirḃfiḋ sé siḃ, neartóċaiḋ agus daingneoċaiḋ sé siḃ.