Nuair do‐ċluin aoinneaċ briaṫar na ríoġaċta, agus naċ dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an niḋ do cuireaḋ ’n‐a ċroiḋe. Is é sin an té ’n‐ar cuireaḋ an síol le h‐ais an ḃealaiġ ṁóir.
Óir do ḃíomar féin diṫ‐céilliḋe tráṫ, easuṁal, ag dul ar fan, fá smaċt ag ainṁiantaiḃ agus ag áineasaiḃ éagsaṁla, ag caiṫeaṁ ár saoġail le droċ‐rún agus le formad, fuaṫṁar agus sinn ag taḃairt fuaṫa d’á ċéile.
Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.