Nár leigiḋ Dia sin: go n‐aiṫniġtear Dia ḃeiṫ fírinneaċ, aċt an uile ḋuine ḃeiṫ bréagaċ; mar atá scríoḃṫa, Ċum go ḃfoillseoċaiḋe ṫú ḃeiṫ ionnraic id’ ḃriaṫraiḃ, Agus go mbuaḋfá nuair béarfar breiṫ ort.
Óir do ḃíomar féin diṫ‐céilliḋe tráṫ, easuṁal, ag dul ar fan, fá smaċt ag ainṁiantaiḃ agus ag áineasaiḃ éagsaṁla, ag caiṫeaṁ ár saoġail le droċ‐rún agus le formad, fuaṫṁar agus sinn ag taḃairt fuaṫa d’á ċéile.
Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.
Aċt ar an taoḃ amuiġ ḋi atá na madraí, agus luċt na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnṁarḃṫóirí, agus na h‐íoḋal‐aḋraṫóirí, agus gaċ duine ġráḋuiġeas agus ċleaċtas bréag.