Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 2:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 aċt is é an fír‐lúdaċ an té atá ’n‐a lúdaċ san taoḃ istiġ; agus is é an fír‐ṫimċeall‐ġearraḋ timċeall‐ġearraḋ an ċroiḋe, do réir an spioraid, ní do réir na scriḃinne; an té naċ molann daoine é, aċt go molann Dia é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Aċd an té atá ós íseal, na Iúduiḋe; agus timċeallġearraḋ an ċroíḋe, ann sa spioruid, agus ní sa litir; aga ḃfuil a ṁolaḋ ní ó ḋaóiniḃ, aċd ó Ḋía.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 2:29
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃairt an Tiġearna leis, Naċ breaġ mar ġlanann siḃ‐se, a Ḟairisíneaċa, an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṗláta; aċt bíonn siḃ líonta istiġ de ṡainnt agus de ċuirpṫeaċt.


agus ní abróċar, Féaċ annso í! nó, Féaċ annsúd í! óir, féaċ, is istiġ ionnaiḃ atá ríoġaċt Dé.


óir ba ṁó aca an ġlóir ḋaonna ’ná glóir d’ḟáġáil ó Ḋia.


Aċt atá an uair ag teaċt, agus atá sí ann ċeana féin, ’n‐a n‐aḋarfaiḋ na fíor‐aḋarṫóirí an t‐Aṫair i spioraid agus i ḃfírinne: óir is iad sin na h‐aḋarṫóirí ṫeastuiġeas ó’n Aṫair.


Cionnas do b’ḟéidir go gcreidfeaḋ siḃ‐se, ġlacas onóir ó n‐a ċéile, agus gan aon éileaṁ agaiḃ ar an nglóir ṫig ó’n aon Dia.


óir ní biaḋ agus ól ríoġaċt Dé, aċt fíréantaċt, agus síoṫċáin, agus áṫas san Spiorad Naoṁ.


agus an té atá neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa do réir nádúire, má ċoiṁeádann sé an dliġe, naċ dtiuḃraiḋ sé breiṫeaṁnas ort‐sa ḃriseas an dliġe, agus scriḃinn an dliġe agus an timċeall‐ġearrṫa agat?


Créad atá ag an lúdaċ san mbreis, mar sin? nó créad é an tairḃe atá san timċeall‐ġearraḋ?


Aċt anois atáimid saor ó’n dliġe, ar mbeiṫ marḃ dúinn do’n dliġe ag a mbíoḋ greim orainn; ar ṁoḋ, naċ do réir sean‐scríḃinne do‐ġnímíd seirḃís, aċt do réir spioraid úr‐nua.


D’á ḃriġ sin ná taḃraiḋ breiṫeaṁnas i gcúis ar biṫ roiṁ an am, nó go dtagiḋ an Tiġearna ḃéarfas ċum an tsolais neiṫe atá foluiġṫe fá ḋorċadas, agus noċtfas rúin na gcroiḋṫe; annsin ġeoḃas gaċ duine a ṁolaḋ féin ó Ḋia.


Ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, agus ní h‐éinniḋ an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt is é an t‐iomlán uṁlú d’aiṫeanta Dé.


Óir ní h‐é an té ṁolas é féin atá ionṁolta, aċt an té go molann an Tiġearna é.


is é ṫug éifeaċt dúinn, leis, ċum ḃeiṫ ’n‐ár seirḃíseaċaiḃ do ṫiomna nua; ní h‐é do réir na litre, aċt do réir an spioraid; óir marḃann an litir, aċt do‐ḃeir an spiorad beaṫa.


óir is sinne luċt an ḟír‐ṫimċeall‐ġearrṫa, do‐ġní aḋraḋ tré Spiorad Dé, agus do‐ġní maoiḋṁeaċas as Íosa Críost,


aċt, fá mar ṁeas Dia gur fiú sinn cúram an tsoiscéil, is aṁlaiḋ laḃraimíd d’á réir sin; ní mar ḃéimís d’iarraiḋ daoine do ṡásaṁ, aċt Dia go‐ġní teastas ar ár gcroiḋeaċaiḃ.


aċt nádúir ḟoluiġṫe an ċroiḋe istiġ, deaġ‐ṁaise neaṁ‐ṫruailliġṫe caoin‐spioraid ċeannsa, atá an‐luaċṁar i ḃfiaḋnaise Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ