Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 2:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 agus má tá tú dearḃṫa go ḃfuilir féin id’ ṫreoraiḋe do luċt daille, id’ ṡolas do’n dream atá i ndorċadas,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus atáoi dóṫċasaċ go ḃfuil tú ad éoluiġe ag na dalluiḃ, ad ṡolas ag an muinntir atá a ndorċadas,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 2:19
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Leigiḋ ḋóiḃ siúd: treoraiḋṫe dalla is eaḋ iad. Agus má ṫreoruiġeann dall dall eile, tuitfid araon sa díg.


An pobal do ḃí suiḋte i ndorċadas, do ċonnaic sé solas mór; Agus orṫa‐san do ḃí suiḋte i gcríċ scáile an ḃáis D’éiriġ an solas.


Is siḃ‐se solas an doṁain. Caṫair atá ar ċnoc ní féidir a ċeilt.


Aċt má ḃíonn do ṡúil go h‐olc, béiḋ do ċorp ar fad sa dorċaċt. D’á ḃriġ sin, má’s dorċaċt an solas atá ionnat, cad é mar ḋorċaċt í!


Adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé duine naċ nglacfaiḋ ríoġaċt Dé ar nós leinḃ, naċ raċaiḋ sé isteaċ innti ċoiḋċe.


Ag soillsiú orṫa‐san atá ’n‐a suiḋe i ndorċadas agus i scáile an ḃáis; Ag seolaḋ ár gcos i sliġe na síoṫċána.


D’ḟreagradar‐san agus aduḃradar leis, Is i bpeacaiḋiḃ ar fad rugaḋ ṫusa, agus an ag taḃairt teagaisc dúinne atáir? Agus do ċaiṫeadar amaċ é.


le n‐a súilí d’ḟoscailt, ċum go n‐iompóċaidís ó’n dorċadas ċum an tsolais, agus ó ċuṁaċt Sátain ċum Dé, go ḃfaiġdís maiṫeaṁnas na bpeacaḋ agus oiġreaċt i measc na ndaoine naoṁṫar tré ċreideaṁ ionnaim‐se.


agus má’s eol duit a ṫoil, agus má ḟroṁann tú an cúrsa is fearr, agus má fuair tú teagasc ó’n dliġe,


id’ oide do luċt diṫ‐céilliḋe, id’ ṁúinteoir do leanḃaiḃ, toisc múnla an eolais agus na fírinne ḃeiṫ agat san dliġe;


Ná meallaḋ aon duine é féin. Má ṁeasann aon duine ḋíḃ ḃeiṫ glic san tsaoġal so, bíoḋ sé ’n‐a amadán, ċum go n‐éireoċaḋ sé glic.


Atáimíd ’n‐ár n‐amadánaiḃ ar son Ċríost, aċt atá siḃ‐se céilliḋe i gCríost, atáimíd‐ne lag, aċt atá siḃ‐se tréan; atá árd‐ṁeas oraiḃ‐se aċt atá droċ‐ṁeas orainne.


ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt, gan aineaṁ, ’n‐ḃur gclainn Dé gan smál i lár ciniḋ ċaim, ċuirpṫiġ, go ḃfuil siḃ ’n‐a measc aṁail soillsí san tsaoġal,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ