Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 2:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 óir ní h‐iaḋ luċt éistiġṫe an dliġe atá fíréanta i ḃfiaḋnaise Dé, aċt is iad luċt cleaċtuiġṫe an dliġe fíréanóċar:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 (Oír ní híad luċd éisdeaċda an dliġiḋ atá na ḃfirénċuiḃ a ḃfiaḋnuisi Dé, aċd luċd ċoiṁlíonta an dliġiġ a síad ṡairfuiḋear.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 2:13
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Adeirim liḃ go ndeaċaiḋ sé seo síos aḃaile agus é fíréanuiġṫe de ḃreis ar an duine eile: óir gaċ duine árdóċas é féin uṁlóċar é, aċt an té uṁluiġeas é féin árdóċar é.


Aċt d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, Is iad mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre‐se iad‐san éisteas le briaṫraiḃ Dé, agus do‐ġní d’á réir.


Má’s eol daoiḃ an méid sin, is aoiḃinn daoiḃ má ġníonn siḃ d’á réir.


agus gur tríd‐sean saorṫar gaċ aoinneaċ ċreideas ó na cionntaiḃ go léir naċ ḃféadfaiḋe ḃúr saoraḋ uaṫa de réir reaċta Ṁaoise.


Mar scríoḃann Maois ar an ḃfíréantaċt ṫig ó’n dliġe, An té ċleaċtas na neiṫe sin, go mairfiḋ sé d’á mbárr.


Óir atá tairḃe san timċeall‐ġearraḋ má ċoiṁeádann tú an dliġe: aċt má ḃriseann tú an dliġe, atá do ṫimċeall‐ġearraḋ ’n‐a neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ agat.


óir ní fíréanóċar duine ar biṫ ’n‐a ḟiaḋnaise tré oibreaċaiḃ dliġe: óir is tré ḋliġe ṫagas eolas an ṗeacaiḋ.


óir do rinne an uile ḋuine peacaḋ, agus atáid i n‐easbaiḋ glóire Dé;


naċ é Dia na gCineaḋaċ é, ċoṁ maiṫ? Is é, is é Dia na gCineaḋaċ é ċoṁ maiṫ: má’s fíor gur ab é an t‐aon Dia aṁáin a ḟíréanóċas luċt an timċeall‐ġearrṫa tré ċreideaṁ, agus luċt an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa tré ċreideaṁ.


Óir ní fios dom éinniḋ im’ ċoinniḃ féin; aċt ní ḟíréanuiġeann sin mé: óir is é an Tiġearna ḃeireas breiṫeaṁnas orm.


aċt gur ab eol dúinn naċ ḃfíréanuiġtear an duine tré oibreaċaiḃ dliġe, aċt aṁáin tré ċreideaṁ i nÍosa Críost, do ċreideamar féin i nÍosa Críost, ċum go ḃfíréanóċaiḋe sinn tré ċreideaṁ i gCríost, agus ní tré oibreaċaiḃ dliġe: de ḃriġ naċ tré oibreaċaiḃ dliġe fíréanoċar feoil ar biṫ.


Atá siḃ deiġilte ó Ċríost; an méid díḃ gur mian liḃ ḃur ḃfíréanú tríd an dliġe; atá siḃ tuitṫe ó ġrása.


Is í is fíor‐ċráiḃṫeaċt i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar, cuairt do ṫaḃairt ar na dílleaċtaiḃ agus ar na baintreaḃaċaiḃ i n‐am a n‐anró, agus gan leigint do’n tsaoġal a ṫruailliú féin.


Má’s eol díḃ é ḃeiṫ fíréanta, is eol daoiḃ gaċ aoinneaċ ċleaċtas fíréantaċt, gur uaiḋ‐sean do geineaḋ é.


A ċlann ḃeag, ná meallaḋ aoinneaċ siḃ: an té ċleaċtas fíréantaċt atá sé fíréanta, fá mar tá séisean fíréanta:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ