Agus do ċuireadar ċuige a ndeisceabail i n‐éinḟeaċt le muinntir Ioruaiṫ, g‐á ráḋ, A ṁáigistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus go múineann tú sliġe Dé i ḃfírinne, agus naċ ḃfuil beann agat ar aon duine: óir is cuma leat pearsa an duine.
Agus do ċuireadar ceist air, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, atá a ḟios againn go laḃrann agus go múineann tú mar is ceart, agus naċ ḃfuil beann agat ar ṗearsain, aċt go múineann tú sliġe Dé de réir na fírinne:
Aċt uaṫa‐san ba ṁó le ráḋ (is cuma liom‐sa cionnas mar ḃíodar roiṁe sin: ní ġlacann Dia le pearsain an duine), iad‐san, adeirim, ba ṁó clú, níor roinneadar éinniḋ orm:
Agus siḃ‐se, a ṁáiġistrí, déanaiḋ ḋóiḃ‐sean mar an gcéadna, gan ḃeiṫ ag bagairt orṫa; agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil a Máiġistir‐sean agus ḃur Máiġistir‐se ar neaṁ, agus naċ ḃféaċann sé do ṗearsain duine seaċas a ċéile.
Agus má ġlaoḋann siḃ airsean mar Aṫair, do‐ḃeir breiṫ do réir oibre gaċ duine, gan meas do ṫaḃairt ar ṗearsain duine seaċas a ċéile, caiṫiḋ aimsear ḃur ndeoraiḋeaċta le h‐eagla: