Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 16:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Beannuiġiḋ d’Andronícus agus do Iúnia, gaolta liom, agus cóṁ‐ḃraiġdeáin liom, daoine go ḃfuil árd‐ċlú orṫa i measc na n‐abstal, agus do ḃí i gCríost róṁam‐sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Fáiltiġiḋ do Andronicus agus Iúnia, mo ḋáoine gáoil, agus mo ċumpána príosúin, noċ atá oirḋeirc eidir na habstalaiḃ, noċ fós do ḃí a Gcríosd róṁamsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 16:7
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Béiḋ a ḟios agaiḃ an lá sin go ḃfuilimse im’ Aṫair, agus go ḃfuil siḃ‐se ionnam‐sa, agus mise ionnaiḃ‐se.


Aon ċraoḃ díom naċ dtugann toraḋ, scoiṫeann sé í: agus aon ċraoḃ do‐ḃeir toraḋ, glanann sé í ċum go dtiuḃraḋ sí tuilleaḋ torṫa.


An té iṫeas m’ḟeoil agus ólas m’ḟuil, cóṁnuiġeann sé ionnamsa, agus cóṁnuiġim‐se ann.


Beannuiġiḋ d’Apelles, an Ċríost‐aiḋe cruṫuiġṫe. Beannuiġiḋ do na cáirdiḃ ḃaineas le teaġlaċ Aristobúluis. Beannuiġiḋ do Héródian, mo ḋuine muinntearḋa.


Beannuiġiḋ do na daoiniḃ ḃaineas le teaġlaċ Narcissuis atá san Tiġearna.


Beannuiġeann Timóteus, cóṁ‐ṡaoṫraiḋe liom, agus Lúcias, agus Iásón, agus Sosípatros, mo ḋaoine muinntearḋa, ḋaoiḃ.


Beannuiġiḋ do Ṗrisca agus d’Acuila, cóṁ‐ṡaoṫraiḋṫe liom i nÍosa Críost,


Beannuiġiḋ do Ṁáire, do rinne saoṫar mór ar ḃur son.


Beannuiġiḋ d’Ampliatus, mo ċara ionṁain san Tiġearna.


Beannuiġiḋ d’Urbán, ár gcóṁ‐ṡaoṫraiḋe i gCríost, agus do Staċus, cara ionṁain liom.


Ní ḟuil damnú, d’á ḃriġ sin, i ndán do na daoiniḃ atá i nÍosa Críost, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an Spioraid.


Agus má ċóṁnuiġeann Spiorad an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ ionnaiḃ, an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ beoḋóċaiḋ sé ḃur gcuirp ṡo‐ṁarḃṫa mar an gcéadna tré n‐a Spiorad ċóṁnuiġeas ionnaiḃ.


Óir do ṫoileoċainn go mbéinn féin fá ṁallaċt ó Ċríost ar son mo ḃráiṫreaċ, mo ḋaoine muinntearḋa do réir na feola:


Óir is tríd‐sean atá siḃ i nÍosa Críost, an té do‐rinneaḋ eagna ó Ḋia ḋúinn mar ḟíréantaċt, agus mar naoṁṫaċt, agus mar ḟuascailt:


An seirḃísiġ Ċríost iad (ag laḃairt mar ḋuine atá as a ċéill atáim), is mó ’ná sin mise; ní ba ḋúṫraċtaiġe i saoṫar, i bpríosúnaiḃ ní ba ṁiniciġe, dom’ sciúirseaḋ as miosúr, i mbaoġal báis go minic.


Is aiṫnid dom fear i gCríost, ceiṫre bliaḋna ó ṡoin (cia aca san ċolainn, ní ḟeádar; nó taoḃ amuiġ de’n ċolainn, ní ḟeadar; is ag Dia atá a ḟios); a leiṫéid sin d’ḟear do fuaduiġeaḋ suas ċóṁ fada leis an treas flaiṫeas.


Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua.


Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann.


Agus do ḃíos gan aiṫne súl ḃeiṫ ag eaglaisiḃ Iúdaea do ḃí i gCríost orm:


Agus is do réir taisbeánta do ċuaḋas suas; agus do leagas rómpa an soiscéal ḟógraim i measc na gCineaḋaċ, aċt os íseal rómpa‐san ba ṁó clú, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéinn ag riṫ, nó go raḃas ag riṫ gan éifeaċt.


Aċt uaṫa‐san ba ṁó le ráḋ (is cuma liom‐sa cionnas mar ḃíodar roiṁe sin: ní ġlacann Dia le pearsain an duine), iad‐san, adeirim, ba ṁó clú, níor roinneadar éinniḋ orm:


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Óir ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, ná an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt nádúir úrnua.


Óir is sinne obair a láiṁe, do cruṫuiġeaḋ i nÍosa Críost ċum deaġ‐ġníoṁarṫa, d’ullṁuiġ Dia roiṁ ré ċum go gcleaċtfaimís iad.


Beannuiġeann Aristárċus, cóṁ‐ṗríosúnaċ liom, beannuiġeann seisean daoiḃ, mar aon le Marcus, col ceaṫair Ḃarnabais (go ḃfuair siḃ órduiġṫe ’n‐a ṫaoḃ;


Beannuiġeann Epafras, cóṁ‐ṗríosúnaċ liom i nÍosa Críost, duit; mar aon le


Is air so aiṫniġmíd go gcóṁnuiġmíd ann, agus go gcóṁnuiġeann seisean ionnainn, de ḃriġ gur roinn sé a spiorad linn.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


Mise Eoin, ḃur mbráṫair agus ḃur gcóṁṗáirtiḋe san anró, agus san ríoġaċt, agus san ḃfad‐ḟulang atá i hÍosa, do ḃíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briaṫair Dé, agus ar son fiaḋnaise Íosa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ