Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 16:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Agus a nois don té lér féidir siḃ do ḋaingniuġaḋ do réir mo ṡoisgeilsi, agus ṡeanmóra Iósa Críosd, do réir ḟoillsiġe na seicréide, noċ do congṁaḋ go folaiġeaċ ó ṫús an doṁain,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 16:25
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir adeirim liḃ go fírinneaċ, gurḃ iomḋa fáiḋ agus fíréanaċ gur ṁian leo na neiṫe do‐ċí siḃ‐se d’ḟeicsin, agus naċ ḃfacadar iad; agus na neiṫe do‐ċluin siḃ‐se do ċluinsin, agus naċ gcualadar iad.


ionnas go gcóiṁlíonfaiḋe an niḋ aduḃraḋ tríd an ḃfáiḋ, g‐á ráḋ, Fosclóċad mo ḃéal i saṁlaoidiḃ; Noċtfad neiṫe atá i ḃfolaċ ó cruṫuiġeaḋ an doṁan.


Aduḃradar‐san leis, De ċionn nár ċuir aon duine ar aimsir sinn. Aduḃairt seisean leo, Téiḋiḋ‐se, leis, isteaċ sa ḃfíonġort.


Agus anois, cuirim fá ċoimirce Dé, agus fá ḃriaṫar a ġrása siḃ, go ḃfuil ar ċumas dó ḃúr dtógáil suas, agus oiḋreaċt do ṫaḃairt daoiḃ i measc na naoṁ.


Agus ar ball, ins na sionagógaiḃ, do ċraoḃscaoil sé Íosa, gur ab é Mac Dé é.


Óir níorḃ áil liom, a ḃráiṫre, gan fios na rúindiaṁaire seo ḃeiṫ agaiḃ, ar eagla go n‐éireoċaḋ siḃ glic ’n‐ḃur saoḃ‐ṫuairim féin, is é sin go ḃfuil cruaḋaḋ tagṫa ar ċuid de ṁuinntir Israel, nó go dtagaiḋ an t‐iomlán de na Cineaḋaċaiḃ isteaċ;


Cia h‐é ṫusa do‐ḃeir breiṫ ar ṡeirḃíseaċ duine eile? Is d’á ṫiġearna féin ṡeasas nó ṫuiteas sé; ’seaḋ, agus seasfaiḋ sé, óir is féidir do Ḋia a ċongḃáil ’n‐a ṡeasaṁ.


nó g‐á gcosaint; san ló ’n‐a dtiuḃraiḋ Dia breiṫ ar rúnaiḃ na ndaoine, tré Íosa Críost, do réir mo ṡoiscéil‐se.


fógraimíd‐ne Críost, agus é céasta, ’n‐a ċeap tuisliḋ do na h‐lúdaċaiḃ, agus ’n‐a ḋíṫ‐céille do na Gréagaċaiḃ;


aċt laḃraimíd eagna Dé ’n‐a diaṁar‐rún do ḃí fá ċeilt, d’órduiġ Dia ċum ár nglóire roiṁ ṫosaċ an tsaoġail;


Bíoḋ an meas ag daoiniḃ orainn ḃíos aca ar ṁaoraiḃ rúindiaṁaír Dé.


Aċt má tá ár soiscéal fá ḟolaċ, is ins an dream atá ag dul amuġa atá sé fá ḟolaċ:


Óir ní sinn féin ḟógraimíd, aċt Íosa Críost mar Ṫiġearna, agus sinn féin mar ṡeirḃísiġ ḋaoiḃ ar son Íosa.


Agus is do réir taisbeánta do ċuaḋas suas; agus do leagas rómpa an soiscéal ḟógraim i measc na gCineaḋaċ, aċt os íseal rómpa‐san ba ṁó clú, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéinn ag riṫ, nó go raḃas ag riṫ gan éifeaċt.


tar a éis dó rúindiaṁair a ṫola do noċtaḋ ḋúinn, fá mar ḃí ceapṫa ann féin aige, do réir a ḋéiġṁéine féin,


do réir a raiḃ ceapṫa aige leis na ciantaiḃ i nÍosa Críost ár dTiġearna:


agus a ċur i dtuigsin cionnas mar dáileaḋ an rúindiaṁair do ḃí fá ċeilt leis na ciantaiḃ i nDia do ċruṫuiġ gaċ uile niḋ;


agus ar mo ṡon‐sa, ċum go dtiuḃarfar cumas cainnte ḋom, ag foscailt mo ḃéil go dána ḋom, ċum rúindiaṁair an tsoiscéil d’ḟoillsiú,


ċum go neartóċar a gcroiḋeaċa, ċum go ndlúṫóċar iad le ċéile i ngráḋ, agus go mbéiḋ gaċ saiḋḃreas aca maidir le lán‐dearḃṫaċt tuigseana, ċum go ḃfaiġiḋ siad eolas ar rúindiaṁair Dé, is é sin Críost,


le breiṫ buiḋeaċais; ag guiḋe orainne ar an am céadna, go ḃfosclóċaiḋ Dia doras do’n ḃriaṫar dúinn, ċum rúindiaṁair Ċríost, go ḃfuilim‐se i gcuiḃreaċaiḃ ar a son, d’innsin;


ċum go ndaingniġiḋ sé ḃur gcroiḋeaċa gan loċt i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar, ag teaċt d’ár dTiġearna Íosa i n‐éinḟeaċt le n‐a naoṁaiḃ uile.


Ċuige sin is eaḋ do ġlaoḋ sé tré n‐ár soiscéal siḃ, ċum glóir ár dTiġearna Íosa Críost d’ḟáġáil.


Aċt atá an Tiġearna creideaṁnaċ; is é ḋaingneoċas siḃ agus ċoiṁeádfas slán ó’n ainspiorad siḃ.


do ṡaor, agus do ġoir le naoṁ‐ġairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníoṁarṫa, aċt do réir a rúin agus a ġrása féin, tugaḋ i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin,


Cuiṁniġ ar Íosa Críost, de ṗór Ḋáiḃí, d’aiséiriġ ó na marḃaiḃ do réir mo ṡoiscéil‐se:


i ndóċas na beaṫaḋ síorraiḋe, do ġeall Dia, naċ ḃféadann bréag do ḋéanaṁ, ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin;


D’á ḃriġ sin atá ar ċumas dó na daoine ṫig ċum Dé tríd do ṡlánú ar fad, de ḃriġ go maireann sé beo i gcóṁnaiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéanaṁ ar a son.


do réaṁórduiġeaḋ roiṁ ḃunaḋ an doṁain, aċt do foillsiġeaḋ i ndeireaḋ na n‐aoiseann ar ḃur son‐sa;


Agus Dia an uile ġrása, do ġlaoḋ ċum a ġlóire féin i gCríost siḃ, tar a éis daoiḃ fulang ar feaḋ tamaill ḃig, foirḃfiḋ sé siḃ, neartóċaiḋ agus daingneoċaiḋ sé siḃ.


naċ mbéiḋ tuilleaḋ moille: aċt i laeṫiḃ glóir an seaċtṁaḋ h‐aingil, nuair ṫosnuiġeas sé ar ṡéideaḋ, annsin is eaḋ cóiṁlionfar rúindiaṁair Dé, do réir mar d’ḟoillsiġ sé d’á ṡeirḃíseaċaiḃ, na fáiḋe é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ