Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 16:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Beannuiġeann Timóteus, cóṁ‐ṡaoṫraiḋe liom, agus Lúcias, agus Iásón, agus Sosípatros, mo ḋaoine muinntearḋa, ḋaoiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Cuiriḋ Timotéus mo ċompánaċ, agus Lúcius, agus Iáson, agus Sosipater, mo ḋáoine gáoil, beaṫa agus sláinte ċugaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 16:21
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus san eaglais do ḃí i nAntuaiġ do ḃí fáiḋe agus teagascóirí, ar a raiḃ Barnabas, agus Símeon Duḃ, mar tugtaí air, agus Lúcius ó Ċuréné, agus Manaén cóṁḋalta Ioruaiṫ tetrarċa, agus Saul.


Annsin gan ṁoill do ċuir na bráiṫreaċa Pól uaṫa i dtreo na fairrge: aċt d’ḟan Sílas agus Timóteus ’n‐a ḋiaiḋ.


Aċt do las éad na nIúdaċ, agus do ċruinniġeadar daoine de ḋíoġa an ṗobail, agus do ḃailiġeadar sluaġ, agus do ċuireadar an ċaṫair i n‐aċrann a ċéile; agus d’ionnsuiġeadar teaċ Iásóin, ag iarraiḋ iad‐san do ṫaḃairt amaċ ċum an ṗobail.


Aċt nuair ṫáinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do laḃair Pól an briaṫar le lán‐dúṫraċt, g‐á ḋearḃú do na h‐Iúdaċaiḃ gur ab é Íosa an Críost.


Agus tar a éis dó beirt díoḃ‐san do ḃíoḋ ag freastal dó, Timóteus agus Erastus do ċur go dtí an Ṁaiceadóin, d’ḟan sé féin tamall san Áise.


Agus do ċuaiḋ ’n‐a ċuideaċtain ċóṁ fada leis an Áise Sópater Ṗirris ó Ḃeréa; agus Aristárċus agus Secundus, Tessalónaiġ; agus Gáius ó Ḋerbé, agus Timóteus; agus Tuċicus agus Trofimus na h‐Áise.


Beannuiġiḋ do na daoiniḃ ḃaineas le teaġlaċ Narcissuis atá san Tiġearna.


Beannuiġiḋ d’Andronícus agus do Iúnia, gaolta liom, agus cóṁ‐ḃraiġdeáin liom, daoine go ḃfuil árd‐ċlú orṫa i measc na n‐abstal, agus do ḃí i gCríost róṁam‐sa.


Óir do ṫoileoċainn go mbéinn féin fá ṁallaċt ó Ċríost ar son mo ḃráiṫreaċ, mo ḋaoine muinntearḋa do réir na feola:


Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, agus Timótéus ár mbráṫair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, mar aon leis na naoṁaiḃ go léir atá i nAċáia ar fad:


Óir Íosa Críost, Mac Dé, do ṡeanmóireamar daoiḃ, is é sin mise agus Silḃánus agus Timótéus, níor ’seaḋ agus ní h‐eaḋ é, aċt ní ḟuil ann aċt ’seaḋ i gcóṁnaiḋe.


Pól agus Timóteus, seirḃísiġ Íosa Críost, ċum na naoṁ uile i nÍosa Críost atá i ḃFilipí, maille leis na h‐easbogaiḃ agus leis na deoċanaiḃ:


Pól, abstal Íosa Críost de ṫoil Dé, agus Timóteus bráṫair,


Pól, agus Silḃánus, agus Timóteus, ċum eaglaise na dTesaloníceaċ i nDia an tAṫair, agus san Tiġearna Íosa Críost: Grása agus síoṫċáin daoiḃ.


agus do ċuireamar Timóteus, ar mbráṫair agus ministir Dé i soiscéal Ċríost, ċugaiḃ ċum siḃ do ḋaingniú, agus ċum sólás i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ do ṫaḃairt daoiḃ;


Aċt nuair ṫáinig Timóteus uaiḃ anois díreaċ ċugainn, agus ṫug sé deaġ‐scéala ḋúinn i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ agus i dtaoḃ ḃur ngráḋa, g‐á ráḋ go mbíonn siḃ i gcóṁnaiḋe ag cuiṁneaṁ orainn, ag tnúṫ le n‐ár ḃfeicsin, mar táimíd féin ag tnúṫ leis, ċóṁ maiṫ:


Pól, agus Silḃánus, agus Timóteus ċum eaglaise na dTesaloníceaċ i nDia ár nAṫair agus san Tiġearna Íosa Críost:


ċum Timóteuis, fíor‐ṁac liom san gcreideaṁ: Grása, trócaire agus síoṫċáin, ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár dTiġearna.


Aċt, a ḋuine le Dia, seaċain‐se na neiṫe sin; agus lean de’n ḟíréantaċt, de’n diaḋaċt, de’n ġráḋ, de’n ḟoiḋne, de’n ċeannsaċt.


A Ṫimóteuis, coiṁeád a ḃfuil curṫa mar ċúram ort, ag seaċaint baoṫ‐ċainnte neaṁ‐ḋiaḋa, agus contrárḋaċta an niḋ go dtugtar eolas go bréagaċ air:


ċum Timóteuis, mac ionṁain liom: Grása, trócaire agus síoṫċáin, ó Ḋia an tAṫair, agus ó Íosa Críost ár dTiġearna.


Bíoḋ a ḟios agaiḃ gur scaoileaḋ saor ár mbráṫair Timóteus; má ṫagann sé go luaṫ, ċifead mar aon leisean siḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ