Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 16:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 go nglacaiḋ siḃ ċugaib í san Tiġearna, mar ba dual do na naoṁaiḃ, agus go gcuidiġiḋ siḃ léi i n‐aon ġnó ’n‐a mbéiḋ ḃur gcongnaṁ de ḋiṫ uirṫi; óir go deiṁin ṫug sí féin congnaṁ d’á lán daoine, agus daṁ‐sa, leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Do ċum go ngaḃa siḃ ría sa Dtiġearna, mar as cuḃaiḋ do náoṁaiḃ, agus cúngnaṁ ría an gaċ aḋḃar iona mbía ḃur riaċdanus uirṫe: oír tug sí áoiḋeaċd do ṁorán, agus dáṁsa féin mar an gcéudna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 16:2
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus freagróċaiḋ an Rí agus adéarfaiḋ sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé niḋ do‐rinneaḃar do’n duine is suaraiġe dem’ ḃráiṫriḃ annso, gur daṁ‐sa do‐rinneaḃar é.


Aċt d’ḟreagair Ananias, A Ṫiġearna, do‐ċualas ó ṁórán daoine i dtaoḃ an ḟir sin, go ndearna sé díoġḃáil ṁór dod’ naoṁaiḃ i nIarúsalem:


Aċt aduḃairt an Tiġearna leis, Imṫiġ leat: óir is soiṫeaċ toġṫa agam‐sa é, ċum m’ainm do ḃreiṫ i láṫair na nGeinte agus na ríoġ, agus do ċlainn Israel:


Agus do ḃí i nIoppé deisceabal darḃ ainm Tabitá, (ainm ċialluiġeas, Dorcás): bean do ḃí ag sír‐ċleaċtaḋ deaġ‐ġníoṁ agus carṫannaċta.


Agus d’éiriġ Peadar agus ċuaiḋ sé n‐éinḟeaċt leo. Agus nuair ṫáinig sé, rugadar suas é go dtí an seomra uaċtaraċ: agus do ḃí na baintreaḃaċa ’n‐a seasaṁ ’n‐a aice ag gol agus ag taisbeáint na gcótaí agus na gculaiṫeaċ do‐rinne Dorcás a ḟad agus ḃí sí ’n‐a measc.


Agus ṫug sé a láṁ dí, agus do ṫóg sé ’n‐a seasaṁ í; agus ag glaoḋaċ na naoṁ agus na mbaintreaḃaċ dó, ṫug sé ḋóiḃ í ’n‐a beaṫaiḋ.


Uime sin gaḃaiḋ ċugaiḃ a ċéile, do réir mar ġaḃ Críost siḃ‐se, ċum glóire Dé.


Beannuiġiḋ do Ḟilólogus agus do Iúlia, do Néreus agus d’á ḋeirḃṡiair, agus d’Olumpas, agus do na naoṁaiḃ uile atá ’n‐a ḃfoċair.


Beannuiġeann Gáius, ṫug aoiġeaċt daṁ‐sa agus do’n eaglais uile, beannuiġeann seisean daoiḃ. Beannuiġeann Erastus, cisteoir na caṫraċ, agus Cuartus, ár mbráṫair, daoiḃ.


Beannuiġiḋ do Ṁáire, do rinne saoṫar mór ar ḃur son.


Beannuiġiḋ d’Urbán, ár gcóṁ‐ṡaoṫraiḋe i gCríost, agus do Staċus, cara ionṁain liom.


Aċt striapaċas, agus gaċ saġas neaṁ‐ġlaine, nó sainnt, ná déantar oiread agus a n‐ainmniú ’n‐ḃur measc, mar ba ċóir do naoṁaiḃ;


Aċt aṁáin caiṫiḋ ḃur saoġal mar d’oirfeaḋ do ṡoiscéal Ċríost; ar ċuma, cia aca ṫigim agus ċím siḃ, nó ḃím as láṫair, go mbéiḋ a ḟios agam ’n‐ḃur dtaoḃ go ḃfuil siḃ ag seasaṁ i n‐aon spiorad aṁáin, siḃ ar aon‐intinn aṁáin ag déanaṁ lán ḃur ndíċill ar son creidiṁ an tsoiscéil;


Glacaiḋ ċugaiḃ é, mar sin, le lán‐ġáirdeaċas san Tiġearna, agus taḃraiḋ ómós d’á leiṫéidiḃ sin:


Beannuiġeann Aristárċus, cóṁ‐ṗríosúnaċ liom, beannuiġeann seisean daoiḃ, mar aon le Marcus, col ceaṫair Ḃarnabais (go ḃfuair siḃ órduiġṫe ’n‐a ṫaoḃ;


aċt (mar ba ċeart do ṁnáiḃ adṁuiġeas cráiḃṫeaċt) le deaġ‐ġníoṁarṫaiḃ.


(Go dtugaiḋ an Tiġearna ḋó trócaire d’ḟáġáil ó’n Tiġearna san ló úd): agus is maiṫ atá a ḟios agat féin méid na seirḃís do rinne sé ḋom i nEiféis.


go mba ceart do na mnáiḃ aosta, leis, ḃeiṫ urramaċ ’n‐a n‐iomċar, gan ḃeiṫ bíodánaċ, gan an‐dúil ḃeiṫ aca san ḃfíon, ḃeiṫ ag taḃairt teagaisc ṁaiṫ;


Tá sé féin curṫa agam ar ais ċugat, agus gur ab é mo ċroiḋe istiġ féin é.


Mar sin de, már áirṁeann tú mise mar ċomrádaiḋe, glac ċugat é mar ġlacfá mé féin.


Má ṫig aoinneaċ ċugaiḃ gan an teagasc so do ṫaḃairt leis, ná glacaiḋ isteaċ ’n‐ḃur dtiġ é, agus ná beannuiġiḋ ḋó:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ