Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 16:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Óir atá tuairisc ḃur n‐uṁlaċta i mbéal an uile ḋuine. Atá bród orm ’n‐ḃur dtaoḃ, d’á ḃriġ sin: aċt is mian liom siḃ ḃeiṫ glic i dtaoḃ maiṫeasa, agus ḃeiṫ neaṁ‐urċóideaċ i dtaoḃ an uilc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Oir ráinic tuarasgḃáil ḃur núṁlaċdsa na huile ḋáoine. Ar a naḋḃarsin atá gáirdeaċas orum ḃur dtáoḃsa: giḋeaḋ is mían riom ḃeiṫ ḋáoiḃ eagnuiġe a dtáoiḃ na maiṫeasa, agus neaṁurċoideaċ a dtaoḃ a nuilc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 16:19
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Féaċaiḋ, cuirim uaim amaċ siḃ ar nós caoraċ i measc madaḋ allta: biḋiḋ, d’á ḃriġ sin, ċóṁ glic leis na naṫraċaiḃ niṁe, agus ċóṁ símpliḋe leis na colmaiḃ.


Imṫiġiḋ róṁaiḃ: féaċaiḋ, cuirim uaim amaċ siḃ aṁail caoiriġ i measc madaḋ allta,


Ar dtús, do‐ḃeirim buiḋeaċas dom’ Ḋia tré Íosa Críost ar ḃur son‐sa uile, de ḃriġ go ḃfuil tuairisc ḃur gcreidiṁ scaipṫe ar fud an doṁain ar fad.


A bráiṫre, ná biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ do réir tuigseana: aċt i dtaoḃ mailíse biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ, aċt i dtaoḃ tuigseana cinn, biḋiḋ ’n‐ḃur ndaoiniḃ fásta.


D’á ḃriġ sin ná biḋiḋ diṫ‐céilliḋe, aċt tuigiḋ cad é deaġ‐ṫoil an Tiġearna.


Agus is é mo ġuiḋe go méadóċar ḃur ngráḋ go mór i n‐eolas agus i ngaċ saġas tuigseana;


ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt, gan aineaṁ, ’n‐ḃur gclainn Dé gan smál i lár ciniḋ ċaim, ċuirpṫiġ, go ḃfuil siḃ ’n‐a measc aṁail soillsí san tsaoġal,


Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ