Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 16:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Beannuiġiḋ d’Apelles, an Ċríost‐aiḋe cruṫuiġṫe. Beannuiġiḋ do na cáirdiḃ ḃaineas le teaġlaċ Aristobúluis. Beannuiġiḋ do Héródian, mo ḋuine muinntearḋa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Fáiltiġiḋ do Apelles noċ atá dearḃṫa a Ccríosd. Fáiltiġaiḋ do luċd éntiġe Aristoboluis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 16:10
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir an té do‐ġní seirḃís do Ċríost ar an gcuma sin, do‐ḃeir Dia taiṫneaṁ ḋó, águs bíonn urraim ag daoiniḃ ḋó.


Beannuiġiḋ do Ṗrisca agus d’Acuila, cóṁ‐ṡaoṫraiḋṫe liom i nÍosa Críost,


Beannuiġiḋ d’Andronícus agus do Iúnia, gaolta liom, agus cóṁ‐ḃraiġdeáin liom, daoine go ḃfuil árd‐ċlú orṫa i measc na n‐abstal, agus do ḃí i gCríost róṁam‐sa.


Agus má ċóṁnuiġeann Spiorad an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ ionnaiḃ, an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ beoḋóċaiḋ sé ḃur gcuirp ṡo‐ṁarḃṫa mar an gcéadna tré n‐a Spiorad ċóṁnuiġeas ionnaiḃ.


Óir ní féadfaiḋe gan siosmaí ḃeiṫ ’n‐ḃur measc, ċum go noċtfaiḋe iad‐san ’n‐ḃur measc atá fírinneaċ.


Is aiṫnid dom fear i gCríost, ceiṫre bliaḋna ó ṡoin (cia aca san ċolainn, ní ḟeádar; nó taoḃ amuiġ de’n ċolainn, ní ḟeadar; is ag Dia atá a ḟios); a leiṫéid sin d’ḟear do fuaduiġeaḋ suas ċóṁ fada leis an treas flaiṫeas.


Óir ċuige sin is eaḋ do scríoḃas, ċum go mbéaḋ a ḟios agam, mar ṫastáil oraiḃ, an ḃfuil siḃ uṁal san uile niḋ.


Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua.


Agus atáimíd ag cur ár mbráṫar i n‐éinḟeaċt leo, fear atá dearḃṫa go minic againn ḃeiṫ níos dúṫraċtaiġe ’n‐a lán neiṫe, agus ḃeiṫ níos dúṫraċtaiġe ná sin anois, mar ġeall ar an muiniġin ṁóir atá aige asaiḃ‐se.


Agus do ḃíos gan aiṫne súl ḃeiṫ ag eaglaisiḃ Iúdaea do ḃí i gCríost orm:


Aċt atá a ḟios agaiḃ cionnas ċruṫuiġ sé, gur ṡaoṫruiġ sé mar aon liom‐sa i ngnó an tsoiscéil, mar ḋéanfaḋ mac i n‐éinḟeaċt le n‐a aṫair.


Agus déantar tastáil orṫa‐san ar dtús, leis; ’na ḋiaiḋ sin, má táid gan loċt, déanaidís seirḃís mar ḋeoċanaiḃ.


Beannuiġ do Ṗriscus agus d’Acuila, agus do líon tiġe Onésiforuis.


ċum go ḃfaiġfear dearḃú ḃur gcreidiṁ, atá níos luaċṁaire ’ná ór ṫéiġeas ar neiṁniḋ, giḋ go mbruiṫntear é le teiniḋ, go ḃfaiġfear a ṫairḃe i molaḋ, i nglóir, agus i n‐onóir nuair foillseoċar Íosa Críost:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ