Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 15:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Óir adeirim go raiḃ Íosa Críost ’n‐a ṡeirḃíseaċ ag luċt an timċeall‐ġearrṫa, ċum fírinne Dé do ċruṫú, ċum go ndaingneoċaḋ sé na geallaṁnaċa tugaḋ do na sinnsearaiḃ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus a deirim go raiḃ Iósa Críosd na ṁinistir an timċillġearrṫa ar son fírinne Dé, ċum geallaṁnaċ na naiṫreaċ do ḋainniuġaḋ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 15:8
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt d’ḟreagair seisean, agus aduḃairt, Níor cuireaḋ mise aċt aṁáin ċum na gcaoraċ fáin de ṫeaġlaċ Israel.


ar ċuma Ṁic an Duine naċ dtáinig ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum go ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus ċum a anam do ṫaḃairt i n‐éiric móráin.


Is ċum a ċoda féin a ṫáinig sé, agus níor ġlac a ṁuinntear féin leis.


Agus atá caoiriġ eile agam, naċ mbaineann leis an gcró so: ní mór dom iadsan ṫaḃairt, leis, agus éistfiḋ siad lem’ ġlór; agus béiḋ aon ċró agus aon aoḋaire aṁáin ann.


Agus do laḃair Pól agus Barnabas go dána, agus aduḃradar, Is liḃ‐se ba ḋual ḋúinn briaṫar Dé do laḃairt ar dtús. Aċt ó’s ag diúltaḋ ḋó atá siḃ, agus naċ fiú liḃ, de réir ḃúr mbreiṫe féin, an ḃeaṫa ṡíorraiḋe d’ḟáġáil, féaċ, atáimíd ag iompoḋ ċum na nGeinte.


Féaċ anois maiṫeas agus buirbe Dé; a ḃuirbe do na daoiniḃ do ṫuit; aċt a ṁaiṫeas duit‐se, má ċlaoiḋeann tú le n‐a ṁaiṫeas: muna gclaoiḋeann, gearrfar ṫú ḋe, mar an gcéadna.


Mar an gcéadna ḃí siḃ‐se easuṁal do Ḋia roiṁe seo, aċt fuair siḃ trócaire anois tré n‐a n‐easuṁlaċt‐san,


an grás ó Ḋia tugaḋ ḋom, go mbéinn im’ ṁinistir ag Íosa Críost ċum na gCineaḋaċ, ag miniostrálaċt soiscéil Dé, ċum go mbéaḋ na Cineaḋaiġ ’n‐a n‐íoḋbairt ṫaiṫneaṁaiġ, agus naoṁuiġṫe ṫríd an Spiorad Naoṁ.


ċum a ḟíréantaċt do noċtaḋ san am so atá de láṫair: ionnas go mbéaḋ sé féin fírinneaċ, agus go ḃfíréanóċaḋ sé an té ċreideas i nÍosa.


Má tá féin go raiḃ cuid aca dí‐ċreideaṁaċ, an ḃfágfaiḋ a n‐easbaiḋ creidiṁ fírinne Dé gan éifeaċt?


D’á ḃriġ sin is ó ċreideaṁ atá an oiḋreaċt, ċum go mbéaḋ sí do réir grása: ċum go mbéaḋ an geallaṁain diongḃálta do’n tslioċt uile: ní h‐é aṁáin do na daoiniḃ atá fá’n dliġe, aċt do’n dream sin, leis, go ḃfuil an creideaṁ céadna aca agus ḃí ag Abraċam, atá ’n‐a aṫair againn go léir,


Is é seo adeirim, go n‐abrann gaċ duine agaiḃ, Is le Pól mise; nó, is le h‐Apollos mise; nó is le Céfas mise; nó, is le Críost mise.


Créad adéarfas mé mar sin? Gur éinniḋ an niḋ íoḋbartar d’íoḋal, nó gur aon rud íoḋal?


agus ar son coinsiais; ní h‐é do coinsias féin é, aċt coinsias an duine eile; óir cad ċuige a mbeirtear breiṫ ar mo ṡaoirse do réir coinsiais duine eile?


Is é rud adeirim, a ḃráiṫre, naċ ḃféadann feoil agus fuil oiḋreaċt ríoġaċta Dé d’ḟáġáil; agus naċ mbíonn an truailleaċt ’n‐a h‐oiḋre ar an neaṁṫruailleaċt.


Dá ṁéid iad geallaṁnaċa Dé, is ann atá an ’seaḋ: agus d’á ḃriġ sin is tríd adeirtear Amén, ċum glóire Dé trínne.


cuiṁniġiḋ go raḃaḃar dealuiġṫe ó Ċríost an tráṫ sin, gearrṫa ó ṁuinntir Israel, ’n‐ḃur gcoiṁṫiġeaċaiḃ do ċoinġeallaċaiḃ na geallaṁna, gan dóċas, gan Dia san tsaoġal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ