Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 15:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 ċum go saorfar mé ó’n dream i nIúdaea atá dí‐ċreidṁeaċ, agus ċum go dtaiṫneoċaiḋ mo ṡeirḃís do Iarúsalem leis na naoṁaiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Ċum mo ṡáorṫa ón druing atá easúṁal a dtír Iúdaiġe; agus ċum go mbíaḋ mo ṡeirḃís taitneaṁaċ ag na náoiṁ a Níarusalém;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 15:31
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

d’órduiġ an t‐árd‐ċaiptín a ṫaḃairt isteaċ san gcaisleán, agus a ċeistiú fá’n sciúirse, go ḃfaiġeaḋ sé amaċ caidé an ċúis go raḃadar ag liúiriġ mar sin ’n‐a aġaiḋ.


Agus ṫug uaċtaráin na sagart agus uaisle na nIúdaċ scéala i gcoinniḃ Ṗóil dó; agus d’impiḋeadar air,


Agus aduḃairt Féstus, A rí Agrippa, agus a ḃfuil de ḋaoiniḃ láiṫreaċ annso, do‐ċí siḃ an fear so go dtáinig na h‐Iúdaiġ uile ċugam ’n‐a ṫaoḃ i nIarúsalem agus san áit seo, g‐á ġlaoḋaċ os árd nár ċeart a ḃeiṫ beo níos faide.


Aċt d’ḟreagair Ananias, A Ṫiġearna, do‐ċualas ó ṁórán daoine i dtaoḃ an ḟir sin, go ndearna sé díoġḃáil ṁór dod’ naoṁaiḃ i nIarúsalem:


Aċt aduḃairt an Tiġearna leis, Imṫiġ leat: óir is soiṫeaċ toġṫa agam‐sa é, ċum m’ainm do ḃreiṫ i láṫair na nGeinte agus na ríoġ, agus do ċlainn Israel:


aċt anois is ag triall ar Iarúsalem atáim, ag freastal ar na naoṁaiḃ.


Impiḋim oraiḃ, a ċáirde (atá a ḟios agaiḃ líon tiġe Steafáin, gur ab iad céad‐toraḋ Aċáia iad, agus go dtugadar iad féin ċum seirḃíse na naoṁ), go mbéiḋ siḃ uṁal d’á leiṫéidiḃ,


do ṡaor ó n‐a ċóṁmór sin de ḃás sinn, agus ṡaorfas; go ḃfuil ár muiniġin as go saorfaiḋ sé fós sinn;


ag iarraiḋ an ġrása so go dian orainn, ḃeiṫ ċóṁṗáirteaċ i ḃfrioṫáileaṁ na naoṁ:


I dtaoḃ frioṫálṁa na naoṁ, ní gáḃaḋ ḋom scríoḃaḋ ċugaiḃ:


agus mar ġeall ar an dearḃaḋ do‐ḃeir an congnaṁ so, molann siad Dia as uċt ḃur n‐uṁlaċta do ṡoiscéal Ċríost adṁuiġeas siḃ, agus as uċt fairsinge ḃur dtaḃartais dóiḃ‐sean agus do’n uile ḋuine;


do ṁarḃuiġ an Tiġearna Íosa agus na fáiḋe, agus do ruaig amaċ sinne, agus naċ dtaiṫneann le Dia, agus atá i n‐aġaiḋ an uile ḋuine;


agus ċum go saorfar sinn ó ḋaoiniḃ míréasúnta, cuirpṫeaċa; óir ní h‐é gaċ aon duine go ḃfuil an creideaṁ aige.


Is eol duit an méid d’ḟulaingeas i nAntuaiġ, i Listra; géire na gcráḋ d’ḟulaingeas agus do ṡaor an Tiġearna asta sin uile mé.


Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ