Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 15:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Óir níorḃ é a aoiḃneas féin do loirg Críost; aċt do réir mar tá scríoḃṫa, Maslaḋ an dreama do ṁasluiġ ṫusa, is orm‐sa do luiġ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Oír ní hí a ṫoil féin do rinne Críosd; aċd, do réir mar atá sgríoḃṫa, Do luiḋ imḋeargaḋ na druinge do imḋearg ṫusa oramsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 15:3
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is leor do’n deisceabal ḃeiṫ mar a ṁúinteoir, agus do’n tsearḃónta ḃeiṫ mar a ṫiġearna. Má ṫugadar Belsibub ar ḟear an tiġe, naċ mó ’ná sin go mór do‐ḃéarfaid ar ṁuinntir a ṫeaġlaiġ é!


Agus d’imṫiġ sé uaṫa aċar beag, agus do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, má’s féidir é, gaḃaḋ an cupán so uaim: ná déantar, áṁ, mar is toil liom‐sa, aċt mar is toil leat‐sa.


D’imṫiġ sé arís an dara h‐uair, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, muna féidir go ngaḃfaḋ an cupán so uaim, gan mé g‐á ól, go ndéantar do ṫoil‐se.


Agus na biṫeaṁnaiġ do ḃí d’á gcéasaḋ mar aon leis, ṫugadar‐san an masla céadna ḋó.


Má ċoiṁéadann siḃ m’aiṫeanta, fanfaiḋ siḃ im’ ġráḋ; fá mar ċoiṁéadas‐sa aiṫeanta m’Aṫar, agus go ḃfanaim ’n‐a ġráḋ.


Muna mbéaḋ go ndearnas ’n‐a measc na h‐oibreaċa naċ ndearna aoinneaċ eile, do ḃéidís gan ṗeacaḋ: aċt anois do ċonnacadar mise agus m’Aṫair, agus ṫugadar fuaṫ ḋúinn.


Aduḃairt Íosa leo, Is é mo ḃiaḋ‐sa toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ, agus a ġnó do ċóiṁlíonaḋ.


Ní ḟéadaim‐se éinniḋ do ḋéanaṁ uaim féin: de réir mar ċluinim do‐ḃeirim breiṫ: agus atá mo ḃreiṫ ceart; óir ní h‐í mo ṫoil féin loirgim, aċt toil an té do ċuir uaiḋ mé.


Óir ní ċum mo ṫoil féin do ḋéanaṁ ṫáinig mé anuas ó neaṁ, aċt ċum toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ.


Agus an té do ċuir uaiḋ mé atá sé im’ ḟoċair; níor ḟág sé im’ aonar mé; óir do‐ġním i gcóṁnaiḋe na neiṫe ṫaiṫniġeas leis.


Óir is eol daoiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost, giḋ go raiḃ sé saiḋḃir, gur éiriġ sé boċt ar ḃur son‐sa, ċum go n‐éireoċaḋ siḃ saiḋḃir de ḃarr a ḃoċtaine‐sean.


Bíoḋ an dearcaḋ agaiḃ do ḃí ag Íosa Críost:


agus i rioċt duine ḋó, d’uirísliġ sé é féin, agus do ḃí sé uṁal go dtí an bás, go bás na croise féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ