Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 15:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 nuair ḃéiḋead ag triall ar an Spáinn (óir atá súil agam go ḃfeicfead ar an mbealaċ dom siḃ, agus go seolfaiḋ siḃ ar aġaiḋ mé, tar a éis dom mo ṡásaṁ le tamall ’n‐ḃur gcuideaċtain) —

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 An ran ṫríallfus mé don Sbáinn, tiocfaḋ mé ċugaiḃ: óir atá súil agum ré siḃse dfaicsin ag gaḃail seaċa ḋíḃ, agus siḃse do ṫeaċd riom dom ṡeólaḋ don nionad sin, aċd go raiḃ mé saiṫeaċ a gcáíl da ḃur gcuideaċdasa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 15:24
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’imṫiġeadar, mar sin, agus luċt na h‐eaglaise d’á dtionnlacan, agus do ġaḃadar tré Ḟoinicia agus tré Ṡamária, g‐á innsin cionnas h‐iompuiġeaḋ na Cineaḋaċa: agus do ċuireadar áṫas mór ar na bráiṫreaċaiḃ go léir.


Agus nuair do ḃí deireaḋ leis na neiṫiḋ sin, do ċeap Pól ’n‐a inntinn gaḃáil tríd an Ṁaiceadóin agus tré Aċáia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á ráḋ, Tar a éis dom ḃeiṫ annsin, ní mór dom an Róiṁ d’ḟeicsint, ċóṁ maiṫ.


Agus nuair do ḃí an t‐am istiġ againn, d’imṫiġeamar róṁainn ar ár n‐aistear; agus ṫáinig siad go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ’g‐ár dtioḋlacaḋ, nó go raḃamar taoḃ amuiġ de’n ċaṫair: agus ar ár nglúnaiḃ dúinn ar an gcladaċ, do ġuiḋeamar, agus d’ḟágamar slán ag a ċéile;


is é sin go ḃfaiġmíd neart i n‐éinḟeaċt le ċéile, agus mé ’n‐ḃur measc, gaċ duine againn de ḃárr creidiṁ a ċéile, ḃur gcreideaṁ‐sa agus mo ċreideaṁ féin.


Mar sin de, ċóṁ luaṫ is ḃéas sin déanta agam, agus na bronntanais sin taḃarṫa agam dóiḃ, tiocfaiḋ mé ċugaiḃ san tsliġe ḋom fá ḋéin na Spáinne.


agus teaċt ċugaiḃ arís ó’n Maiceadóin, agus go ndéanfaḋ siḃ mo ṫíoḋlacaḋ ar an mbealaċ dom ċóṁ fada le h‐Iúdaea.


Ṫugadar‐san fiaḋnaise ar do ġráḋ i láṫair na h‐eaglaise; agus ba ṁaiṫ a ṁaise ḋuit congnaṁ do ṫaḃairt dóiḃ ar a n‐aistear ar ṡliġe dob’ ḟiú Dia é;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ