Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 15:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 tré ḃriġ an Spioraid Naoiṁ; ar ċuma gur ċraoḃscaoileas soiscéal Ċríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus ṫart ’n‐a ṫimċeall ċóṁ fada le h‐Illiricum;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Maille ré cúṁaċd ċóṁarṫaḋ agus ṁíorḃuileaḋ, tré neart Spioraide Dé; ionnus gur ċóiṁlíon mé soisgéil Ċríosd, ó Ierusalem, agus na timċeall go soiṫe Illiricum.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 15:19
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt má’s le Spiorad Dé ċaiṫim‐se na deaṁain amaċ, is léir go ḃfuil ríoġaċt Dé tagṫa ċugaiḃ.


Agus aduḃairt Íosa leis, Muna ḃfeiciḋ siḃ cóṁarṫaí agus iongantais, ní ċreidfiḋ siḃ.


Aċt doġeoḃaiḋ siḃ neart nuair ṫiocfas an Spiorad Naoṁ oraiḃ: agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr ḃfiaḋnaiḋṫiḃ daṁ‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an doṁain.


Aċt do ċuadar‐san rómpa ó Ṗergé, go dtángadar go h‐Antuaiġ i bPisidia; agus do ċuadar isteaċ san tsionagóig lá na sabóide, agus do ṡuiḋeadar síos.


Aċt do ċroṫadar‐san luaiṫ a gcos ’n‐a gcoinniḃ, agus ṫángadar go h‐Icónium.


aduḃairt sé de ġuṫ árd, Éíriġ id’ ṡeasaṁ go díreaċ ar do ċosaiḃ. Agus d’éiriġ sé de léim, agus do ṡiuḃail sé.


Aċt nuair do ḃí na deisceabail ’n‐a seasaṁ ’n‐a ṫimċeall, d’éiriġ sé, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san gcaṫair: agus lá ar n‐a ḃáraċ d’imṫiġ sé mar aon le Barnabas go Derbé.


Agus tar a éis dóiḃ an briaṫar do laḃairt i bPérgé, do ċuadar síos go h‐Attalia;


agus do ṫeiċeadar go caṫraċaiḃ Licaónia, go Listra agus go Derbé, agus go dtí an dúṫaiġ mágcuairt:


Agus d’ḟan an ċuideaċta uile ’n‐a dtost; agus d’éisteadar le Pól agus le Barnabas ag innsin i dtaoḃ na míorḃal agus na n‐iongantas do‐rinne Dia tríoṫa féin i measc na gCineaḋaċ.


Agus do ḃí sí g‐á ḋéanaṁ sin ar feaḋ mórán laeṫe. Aċt do ġoill sin ar Ṗól, agus d’iompuiġ sé agus aduḃairt sé leis an spioraid, Órduiġim duit i n‐ainm Íosa Críost teaċt amaċ aisti. Agus ṫáinig sí amaċ an uair ċéadna sin.


Agus do ċuir na bráiṫreaċa Pól agus Sílas uaṫa gan ṁoill san oiḋċe, go Beréa: agus ar sroiċint dóiḃ, do ċuadar isteaċ i sionagóig na nIúdaċ.


Agus na daoine go raiḃ Pól fá n‐a gcúram aca ṫugadar leo é ċóṁ fada le Caṫair na h‐Aiṫne: agus tar éis teaċtaireaċt ċum Sílas agus ċum Timóteus d’ḟáġáil ag iarraiḋ orṫa teaċt ċuige ċóṁ luaṫ agus d’ḟéadfaidís, d’imṫiġeadar.


I n‐a ḋiaiḋ sin d’imṫiġ sé ó Ċaṫair na h‐Aiṫne, agus ṫáinig sé go Coirinnt.


Agus ṫáinig siad go h‐Eiféis, agus d’ḟág sé annsin iad: aċt do ċuaiḋ sé féin isteaċ san tsionagóig, agus do ḃí sé ag diospóireaċt leis na h‐Iúdaċaiḃ.


Agus ṫárla, le linn Apollós ḃeiṫ i gCorinnt, go dtáinig Pól go h‐Eiféis, tar a éis dó dul tríd an dúṫaiġ uaċtair, agus fuair sé beagán deisceabal annsin:


cionnas nár staonas ó niḋ ar biṫ go raiḃ tairḃe ann, d’innsin daoiḃ, ag taḃairt teagaisc daoiḃ go poibliḋe, agus ó ṫiġ go ṫiġ,


Agus do cuaḋamar‐ne ar luing ó Ṗillippi tar éis laeṫe an aráin gan laiḃín, agus ṫángamar ċuca go Tróas cúig lá ’n‐a ḋiaiḋ sin; agus d’ḟanamar annsin seaċtṁain.


Anois go líonaiḋ Dia an dóċais siḃ de gaċ áṫas agus de gaċ síoṫċáin san gcreideaṁ, ċum go mbéiḋ siḃ féin lán de ḋóċas, tré ċumaċt an Spioraid Naoiṁ.


an grás ó Ḋia tugaḋ ḋom, go mbéinn im’ ṁinistir ag Íosa Críost ċum na gCineaḋaċ, ag miniostrálaċt soiscéil Dé, ċum go mbéaḋ na Cineaḋaiġ ’n‐a n‐íoḋbairt ṫaiṫneaṁaiġ, agus naoṁuiġṫe ṫríd an Spiorad Naoṁ.


nuair ḃéiḋead ag triall ar an Spáinn (óir atá súil agam go ḃfeicfead ar an mbealaċ dom siḃ, agus go seolfaiḋ siḃ ar aġaiḋ mé, tar a éis dom mo ṡásaṁ le tamall ’n‐ḃur gcuideaċtain) —


Agus ní briaṫra blasta gliocais do ḃí im’ ċainnt agus im’ ṡeanmóireaċt, aċt lán‐dearḃú an Spioraid agus cuṁaċt:


Do rinneaḋ cóṁarṫaí abstail ’n‐ḃur measc le mór‐ḟoiġid, le míorḃailtiḃ, le h‐iongantaisiḃ agus le mór‐ċuṁaċtaiḃ.


Uime sin an té do‐ḃeir an Spiorad daoiḃ, agus do‐ġní míorḃailtí ’n‐ḃur measc, an tré oibreaċaiḃ an dliġe, nó tré ṫeaċtaireaċt an ċreidiṁ do‐ġní?


is é sin ar son na h‐eaglaise; d’á ndearnaḋ ministir díom, do réir an ċúraim do ċuir Dia orm ar ḃur son, ċum briaṫar Dé do ċóiṁlíonaḋ go h‐iomlán,


óir ní i mbriaṫraiḃ béil aṁáin ṫáinig ár soiscéal ċugaiḃ, aċt i gcuṁaċt, ċóṁ maiṫ, agus san Spiorad Naoṁ, agus i lán‐dearḃṫaċt; mar is eol daoiḃ cionnas do ḃíomar liḃ mar ṁaiṫe liḃ féin, agus sinn ’n‐ḃur measc.


Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain.


Dia ag deiṁniú a ḃfiaḋnaise le cóṁarṫaiḃ, agus le h‐iongantaisiḃ, agus le míorḃailtiḃ éagsaṁla, agus le tíoḋlaicṫiḃ an Spioraid Naoiṁ, do réir a ṫola féin?


Do noċtaḋ ḋóiḃ, naċ dóiḃ féin, aċt daoiḃ‐se do ḃíodar ag dáileaḋ na neiṫe úd atá curṫa i dtuigsin daoiḃ anois aca‐san do ṡeanmóir an soiscéal daoiḃ tríd an Spiorad Naoṁ do cuireaḋ ó neaṁ; neiṫe is mian le h‐aingliḃ a scrúdú.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ