Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 12:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 nó má’s seirḃís é, cromaimís ar ár seirḃís; nó an té do‐ḃeir teagasc, luiġeaḋ sé isteaċ ar a ṫeagasc;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Nó más oifig atá aguinn, tugam aire don oifig: nó an té ṫeaguisgeas, tugaḋ aire ḋa ṫeagusg;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 12:7
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:


ṫáinig seisean ċum Íosa san oiḋċe, agus aduḃairt sé leis, A Rabbí, atá a ḟios againn gur múinteoir ṫáinig ó Ḋia ṫú: óir ní féidir go ndéanfaḋ aon duine na míorḃailtí ġníos tusa, gan Dia ḃeiṫ leis.


Agus san eaglais do ḃí i nAntuaiġ do ḃí fáiḋe agus teagascóirí, ar a raiḃ Barnabas, agus Símeon Duḃ, mar tugtaí air, agus Lúcius ó Ċuréné, agus Manaén cóṁḋalta Ioruaiṫ tetrarċa, agus Saul.


cionnas nár staonas ó niḋ ar biṫ go raiḃ tairḃe ann, d’innsin daoiḃ, ag taḃairt teagaisc daoiḃ go poibliḋe, agus ó ṫiġ go ṫiġ,


Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú.


Agus ins na laeṫiḃ sin, mar ḃí uiṁir na ndeisceabal ag dul i méid, do‐rinne na h‐Iudaiġ Gréagaċa gearán i n‐aġaiḋ na nEaḃraċ, toisc go ndearnaḋ failliġe ar a mbaintreaḃaċaiḃ san ḃfrioṫáileaṁ laeṫeaṁail.


Agus do ċeap Dia daoine san eaglais, abstail ar dtús, san dara h‐áit fáiḋí, san treas áit luċt teagaisc, luċt déanta míorḃal annsin, buaiḋ an leiġis ’n‐a ḋiaiḋ sin, buaiḋ na caḃraċ, buaiḋ an riarṫa, buaiḋ na dteangṫaċ.


Agus atá miniostrálaċta éagsaṁla ann, aċt ní ḟuil aċt aon Tiġearna aṁáin ann.


Créad é, mar sin, a ḃráiṫre? Ag teaċt i gceann a ċéile ḋaoiḃ, bíonn salm, bíonn teagasc éigin, bíonn teanga, bíonn foillsiú, bíonn míniú ag gaċ duine agaiḃ. Déantar gaċ uile niḋ ċum leasa na mbráṫar.


An té do‐ġeiḃ teagasc san mbriaṫar déanaḋ sé gaċ deaġ‐niḋ do roinnt ar an té do‐ḃeir an teagasc.


Agus ṫug sé daoine áiriṫe ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐abstalaiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a ḃfáiḋiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a soiscéalaiḋṫiḃ; agus cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐aoḋaraiḃ agus ’n‐a dteagascṫóiriḃ;


Agus abraiḋ le hArċippus, Taḃair aire do’n ṁiniostrálaċt fuairis ó’n Tiġearna, ċum go gcóiṁlíonfair í.


Ċuige sin is eaḋ do h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe agus im abstal (is í an ḟírinne atá agam d’á ráḋ, ní bréag í), im’ ṫeagascṫóir ċum an creideaṁ agus an ḟírinne do ṁúineaḋ do na Cineaḋaċaiḃ.


Uime sin ní foláir do’n easboc ḃeiṫ gan loċt, ḃeiṫ pósta le mnaoi aṁáin, ḃeiṫ measarḋa, staidéarṫa, déiġḃéasaċ, fáilteaċ; ullaṁ ċum teagasc do ṫaḃairt,


Taḃair aire ḋuit féin agus dod’ ṫeagasc; lean díoḃ; óir, g‐á ḋéanaṁ ḋuit, saorfair ṫú féin agus iad‐san éisteas leat.


Meastar gur fiú a ḋá oiread d’onóir na seanóirí riaġluiġeas go maiṫ, iad‐san go mór‐ṁór go mbíonn an tseanmóireaċt agus an teagasc mar ṡaoṫar aca.


Agus na neiṫe do ċualais uaim‐se i n‐éisteaċt móráin fiaḋnaiḋṫe, cuir ar iontaoiḃ daoine ionnraice iad, go mbéiḋ ar ċumas dóiḃ daoine eile do ṫeagasc, leis.


Agus ní ceart do ṡeirḃíseaċ an Tiġearna bruiġean do ḃrostú, aċt ḃeiṫ cneasta leis an uile ḋuine, ḃeiṫ ullaṁ ċum teagasc do ṫaḃairt,


déan an briaṫar do ċraoḃ‐scaoileaḋ; bí go díoġrasaċ i dtráṫ agus i n‐ántráṫ; bí ag spreagaḋ, ag smaċtaḋ, ag gríosaḋ le gaċ ceannsaċt agus le gaċ teagasc;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ