Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 12:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Óir adeirim, ṫríd an ngrása tugaḋ ḋom, le gaċ duine ’n‐ḃur measc, gan meas níos áirde ’ná ba ċóir do ḃeiṫ aige air féin, aċt maċtnaṁ stuamḋa do déanaṁ, do réir mar roinn Dia ar gaċ duine a ṁiosúr féin de ċreideaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Oír a deirim, ré gaċ áon eadruiḃse, trés an ngrás do tugaḋ ḋaṁ, gan ġaḃáil ré a ais ní do ṫuigsin ós cionn a neiṫe is iomċuḃaiḋ ḋó do ṫuigsin; aċd a ṫuigsi do ḃeiṫ réir ṁeasarrḋaċda, aṁail as do roinn Día ré gaċ áoinneaċ miosúr creidiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 12:3
47 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ṡeas an Fairisíneaċ agus do‐rinne sé a ġuiḋe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Ḋia, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat naċ mar a ċéile mise agus daoine eile, foġlaiḋṫe, agus luċt éagcóra, agus luċt aḋaltrannais, ná fós duine de ṡaġas an ṗoibleacáin seo.


Óir an té do ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé briaṫra Dé: óir ní de réir tóṁais ḃronnas Dia an Spiorad.


tré n‐a ḃfuaramair‐ne grása agus abstalaċt, ċum na Cineaḋaċa uile do ṫaḃairt ċum uṁlaċta do’n ċreideaṁ,


Is fíor sin: aċt is de ḋeascaiḃ mí‐ċreidiṁ do briseaḋ iad de, agus is tré ċreideaṁ ṡeasas tusa. Ná bí mór‐ḋálaċ, aċt bíoḋ eagla ort:


Óir níorḃ áil liom, a ḃráiṫre, gan fios na rúindiaṁaire seo ḃeiṫ agaiḃ, ar eagla go n‐éireoċaḋ siḃ glic ’n‐ḃur saoḃ‐ṫuairim féin, is é sin go ḃfuil cruaḋaḋ tagṫa ar ċuid de ṁuinntir Israel, nó go dtagaiḋ an t‐iomlán de na Cineaḋaċaiḃ isteaċ;


Bíḋiḋ ar aon intinn le ċéile. Ná biḋiḋ árd‐aiḋmeannaċ, aċt déanaiḋ muinntearḋas leis na daoiniḃ atá uṁal. Ná biḋiḋ glic ’n‐ḃur dtuairim féin.


Aċt is tré ġrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnaḋ orm, ní fríṫ gan éifeaċt é; aċt is mó an saoṫar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: giḋ naċ mise do‐rinne, aċt grása Dé do ḃí liom.


Do réir grása Dé tugaḋ ḋom mar árd‐ṡaor cliste, do ċuireas‐sa an bun, agus tógann duine eile air.


Aċt siuḃalaḋ gaċ aoinneaċ do réir mar roinn Dia leis, de réir na garma fuair sé ó Ḋia. Agus is mar sin órduiġim‐se ins na h‐eaglaisiḃ uile.


Aċt ní ḋéanfaimíd‐ne maoiḋṁeaċas as miosúr, aċt do réir an ṁiosúir do ċuir Dia mar ṫeorainn linn, miosúr ṡíneas ċóṁ fada liḃ‐se.


Óir cia an leaṫ‐ċuma do rinneaḋ oraiḃ‐sa ṫar a rinneaḋ ar na h‐eaglaisiḃ eile, munarḃ é naċ raiḃ mé féin mar ṫrom‐ualaċ oraiḃ? maiṫiḋ ḋom an éagcóir sin.


Agus mar ġeall ar ḟeaḃas na dtaiḋḃreaḋ sin, ar eagla go mbéaḋ móráil ṫar fóir orm, tugaḋ ḋom dealg san ḃfeoil, teaċtaire Ṡátain ċum mo ċiapṫa, ċum naċ ndéanfainn mórtas ṫar fóir.


Óir má ṁeasann aon duine gur niḋ éigin é féin, agus gur neaṁ‐niḋ é, meallann sé é féin.


Cineaḋaċa — má’s fíor go gcualaḃar cionnas mar cuireaḋ de ḋualgas orm grása Dé do ḋáileaḋ oraiḃ;


ó n‐a ḃféadann siḃ, g‐á léiġeaṁ ḋaoiḃ, m’eolas ar ruindiaṁair Ċríost do ṫuigsin;


Uaiḋ‐sean is eaḋ do‐ġeiḃ an corp uile, ar mbeiṫ ḋó cóiṁ‐ḋeangailte, cóṁ‐ḋlúṫuiġṫe le ċéile de ḃárr a dtugann gaċ alt dó, do réir éifeaċta gaċ baill ar leiṫ, do‐ġeiḃ sé fás ċum a leasa i ngráḋ.


óir is é Dia do‐ḃeir daoiḃ an toil agus an éifeaċt mar is mian leis féin.


Ċuige sin is eaḋ atáim ag obair ar mo ḋíċeall, ag spairn do réir a ċumair oibriġeas go cuṁaċtaċ ionnam.


Agus siḃ‐se do ḃí marḃ de ḋeascaiḃ ḃur gcionnta agus tré neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ ḃur ḃfeola, d’aiṫḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt leisean siḃ, tar a éis dó ár gcionntaí uile do ṁaiṫeaṁ ḋúinn.


agus do ṁéaduiġ grása ár dTiġearna go mór, le creideaṁ agus leis an ngráḋ atá i nÍosa Críost.


Aċt ċeana tiocfaiḋ sí slán tré iomċar clainne, aċt go leanann siad de’n ċreideaṁ, de’n ġráḋ, agus de’n naoṁaċt, le macántaċt.


Agus is mian liom, leis, go gcuirfeaḋ na mná éadaiġe oireaṁnaċa umpa féin, go geanmnaiḋe, banaṁail; gan gruaig ṫreillseaċ, gan ór, ná péarlaí, ná culaiṫe luaċṁara;


g‐á ṁúineaḋ ḋúinn neaṁḋiaḋaċt agus ainṁianta saoġalta do ṡeaċaint, agus ár saoġal do ċaiṫeaṁ go staidéarṫa, fíréanta, diaḋa san ré seo atá de láṫair;


is é sin go mba ceart do na daoiniḃ aosta ḃeiṫ staidéarṫa, moḋaṁail, stuamḋa, slán san gcreideaṁ, san ngráḋ, san ḃfoiḋne:


ċum go múinfiḋ siad do na mnáiḃ óga gráḋ do ṫaḃairt d’á ḃfearaiḃ agus d’á gclainn,


Spreag na fir óga, mar an gcéadna, ċum ḃeiṫ staidéarṫa:


Aċt is móide do‐ḃeir sé grása: uime sin adeir se, Cuireann Dia i gcoinniḃ na n‐uaiḃreaċ, aċt do‐ḃeir sé grása do na h‐uṁlaiḃ.


D’á ḃriġ sin, ag teannaḋ ḃur n‐intinne, biḋiḋ stuama, agus bíoḋ ḃur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiuḃarfar daoiḃ le foillsiú Íosa Críost;


Má laḃrann aoinneaċ, laḃraḋ sé mar ḃéaḋ sé ag laḃairt briaṫar Dé; má ġníonn aoinneaċ miniostrálaċt, déanaḋ sé é do réir an ċumais do‐ḃeir Dia: ċum glóir ins an uile niḋ do ṫaḃairt do Ḋia tré Íosa Críost, ag a ḃfuil an ġlóir, agus an ċuṁaċt go saoġal na saoġal. Amen.


Aċt atá deireaḋ gaċ éinniḋ i gcóṁgar: biḋiḋ céilliḋe d’á ḃriġ sin, go h‐aireaċ ’n‐ḃur n‐urnaiġṫiḃ.


Ar an gcuma ċéadna, cuireaḋ an t‐aos óg iad féin fá ċeannas na seanóir. Bíoḋ an uṁlaċt mar ċlúdaċ oraiḃ, óir cuireann Dia i n‐aġaiḋ na n‐uaiḃreaċ, aċt do‐ḃeir sé grása do na h‐uṁlaiḃ.


Biḋiḋ stuamḋa, biḋiḋ ar ḃur n‐aire; bíonn ḃur n‐áiḋḃeirseoir, an diaḃal, ag siuḃal ṫart timċeall mar leoṁan búirfeaḋaċ ar ṫóir an té ḟéadas sé a ṡlugaḋ.


Do scríoḃas ċum na h‐eaglaise, aċt Díotrefés, gur mian leis ḃeiṫ ar tosaċ ’n‐a measc, ní ġlacann sé linn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ