Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 12:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 go seasṁaċ san urnaiġe; ag caḃrú leis na naoṁaiḃ ’n‐a riaċtainisiḃ; ag cleaċtaḋ na féile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Ag cóṁroinn ris na náoṁaiḃ iona ríaċdanusaiḃ; ag gnáṫuġaḋ luċd áoiḋeaċda do ġlacaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 12:13
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

óir do ḃí ocras orm, agus ṫugaḃar rud le n’iṫe ḋom: ḃí tart orm, agus ṫugaḃar le n’ól dom: ḃíos im’ ċoiṁṫiġeaċ, agus d’ḟáiltiġeaḃar róṁam:


Agus aduḃairt seisean, ag féaċaint go géar air, agus eagla air, Créad é sin, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt sé leis, Atá t’urnaiġṫe agus do ċuid déirce imṫiġṫe suas mar ċuiṁneaċán i láṫair Dé.


agus do roinntiḋe é de réir mar ḃíoḋ gáḃaḋ ag aon duine leis.


nó an té ḃrostuiġeas, taḃraḋ sé aire d’á ḃrostúġaḋ; an té roinneas, déanaḋ sé go fial é; an té riaġluiġeas, déanaḋ sé le dúṫraċt é; an té do‐ġní trócaire, déanaḋ sé le ríméad í.


Impiḋim oraiḃ, a ċáirde (atá a ḟios agaiḃ líon tiġe Steafáin, gur ab iad céad‐toraḋ Aċáia iad, agus go dtugadar iad féin ċum seirḃíse na naoṁ), go mbéiḋ siḃ uṁal d’á leiṫéidiḃ,


I dtaoḃ frioṫálṁa na naoṁ, ní gáḃaḋ ḋom scríoḃaḋ ċugaiḃ:


Óir ní h‐é aṁáin go ḃfóireann miniostrálaċt an ċonganta so ar riaċtainisiḃ na naoṁ, aċt leanann mórán buiḋeaċais do Ḋia d’á ḃárr;


Mar sin de, do réir mar ḃíos an uain againn, déanaimís an ṁaiṫ do’n uile ḋuine, go mórṁór do luċt tiġe an ċreidiṁ.


Uime sin ní foláir do’n easboc ḃeiṫ gan loċt, ḃeiṫ pósta le mnaoi aṁáin, ḃeiṫ measarḋa, staidéarṫa, déiġḃéasaċ, fáilteaċ; ullaṁ ċum teagasc do ṫaḃairt,


deaġ‐ṫeist ḃeiṫ uirṫi ás uċt deaġ‐ġníoṁarṫa; má tá clann oilte aici: má ċuir sí fáilte roiṁ stróinséiriḃ, má niġ sí cosa na naoṁ, má ċug sí fóiriṫin ar luċt aindeise, má lean sí go díċeallaċ do gaċ saġas deaġ‐ġníṁ.


aċt ḃeiṫ fáilteaċ, ’n‐a ċaraid do’n ṁaiṫ, ḃeiṫ ’n‐a ḋuine staidéarṫa, ionnraic, naoṁṫa, cneasta;


Agus ní foláir d’ár muinntir féin a ḟoġlaim cionnas deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ, ċum gaċ niḋ atá riaċtanaċ do ṡoláṫar, ċum naċ mbéiḋ siad gan toraḋ.


Óir ba ṁór an t‐aḋḃar áṫais agus sóláis dom do ġráḋ‐sa a ḃráṫair, toisc gur tógaḋ croiḋeaċa na naoṁ tríot.


Aċt ná déanaiḋ dearmad ar ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ agus ar ḟéile do ċleaċtaḋ: óir taiṫneann íoḋbarṫa d’á leiṫéidiḃ sin le Dia.


Ná déanaiḋ dearmad ar ḟáilte d’ḟearaḋ roiṁ ċoiṁṫiġṫeaċaiḃ: óir g‐á ḋéanaṁ sin, ṫug daoine


óir ní ḟuil Dia éagcóraċ go ndéanfaḋ sé dearmad ar ḃur saoṫar agus ar an ngráḋ do ṫaisbeáin siḃ d’á ainm, mar rinne siḃ frioṫáileaṁ ar na naoṁaiḃ, agus mar ġníonn siḃ fós.


Biḋiḋ fáilteaċ roiṁ a ċéile gan doiċeall.


Aċt cibé duine go ḃfuil maoin an tsaoġail seo aige, agus go ḃfeiceann sé á ḃráṫair i riaċtanas, agus go gcruaḋann sé a ċroiḋe ’n‐a aġaiḋ, cionnas ċóṁnuiġeann gráḋ Dé ann?


A ċara ionṁain, is creideaṁnaċ an méid atá d’á ḋéanaṁ agat ar son na mbráṫar agus ar son na ndeoraiḋe, leis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ