Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 12:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 gan ḃeiṫ fallsa i ndúṫraċt; ḃeiṫ díoġraiseaċ i spiorad; ag déanaṁ seirḃíse do’n Tiġearna;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Ná bíġiḋ leisgeaṁuil a ngnoṫuiġiḃ; Bíġiḋ ar fiuċaḋ ann ḃur spioraid; ag déanaṁ seirḃísi don Tiġearna;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 12:11
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus de ḋeascaiḃ na cuirpṫeaċta ḃeiṫ ag dul i méid, fuaróċaiḋ carṫannaċt móráin.


Aċt d’ḟreagair a ṫiġearna agus aduḃairt sé leis, A ḋroċ‐ṡearḃónta ḋíoṁaoin, do ḃí a ḟios agat go mbainim i n‐áit nár ċuireas síol, agus go gcnuasaim i n‐áit nár ċáiṫeas;


Do ḃí an fear so oilte i sliġe an Tiġearna; agus ó ḃí díoġrais croiḋe aige, do laḃair agus do ṁúin sé go cruinn i dtaoḃ Íosa, gan ar eolas aige aċt baisteaḋ Eoin:


ag déanaṁ seirḃíse do’n Tiġearna le fíor‐uṁlaċt intinne, agus le deoraiḃ, agus le caṫuiġṫiḃ ṫáinig orm tré ċóiṁċeilg na nIúdaċ:


Óir an té do gairmeaḋ san Tiġearna, bíoḋ gur scláḃaiḋe é, saoránaċ an Tiġearna is eaḋ é: ar an gcuma ċéadna an té fuair gairm agus é saor, searḃónta Ċríost is eaḋ é.


ná déanaḋ sé goid ’n‐a ḋiaiḋ seo: aċt ’n‐a ionad sin déanaḋ sé saoṫar, ag déanaṁ oibre fóġanta le n‐a láṁaiḃ, ar ṁoḋ go mbéiḋ rud aige le taḃairt do’n té atá ’n‐a easbaiḋ.


agus ní ḟuil meas ar ṗearsain duine seaċas a ċéile. A ṁáiġistreaċa, taḃraiḋ a gceart agus a gcoṁṫrom féin do ḃur seirḃíseaċaiḃ, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil Máiġistir agaiḃ féin ar neaṁ, leis.


Ṫairis sin, ag éirġe díoṁaoin dóiḃ, bíonn siad ag dul ó ṫiġ go tiġ; agus ní h‐é díoṁaoin aṁáin, aċt bíonn siad cainnteaċ, fíosruiġṫeaċ, ag cur síos ar neiṫiḃ naċ ceart dóiḃ laḃairt ’n‐a dtaoḃ.


Uime sin, ag fáġáil ríoġaċta do‐ċorruiġṫe ḋúinn, taisbeánaimís ár mbuiḋeaċas, ċum go ndéanfaimíd seirḃís taiṫneaṁaċ do Ḋia, le h‐urraim ḋiaḋa agus le h‐eagla,


Adṁuiġiḋ ḃur bpeacaiḋe d’á ċéile, d’á ḃriġ sin, agus guiḋiḋ ar son a ċéile, ċum go leiġeasfar siḃ. Is mór an éifeaċt atá i n‐urnaiġe ḋúṫraċtaiġ ó ḟear fíréan.


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


Ṫar gaċ niḋ eile bíoḋ dian‐ġráḋ agaiḃ d’á ċéile: óir cuireann an grád clúdaċ ar a lán mór peacaiḋe.


Aċt atá an méid seo it’ aġaiḋ agam, gur ṫréigis do ċéad‐ġráḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ