Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 12:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Le teas‐ġráḋ bráṫarḋa bíoḋ an‐ċion agaiḃ ar a ċéile; gaċ duine agaiḃ ag géilleaḋ d’á ċéile i gcúrsaiḃ onóra;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Bíoḋ toil aguiḃ ḋá ċéile maillé ré gráḋ bráiṫreaṁuil; ag taḃairt onóra uáiḃ gaċ áon ag dul roiṁe a ċéile;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 12:10
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní mar sin ḃéas eadraiḃ‐se: aċt cibé duine go mba ṁian leis ḃeiṫ mór eadraiḃ, béiḋ sé ’n‐a ṡeirḃíseaċ agaiḃ;


Aċt nuair do‐ġeoḃaiḋ tú cuireaḋ, téiġ agus suiḋ san áit is ísle; ar ṁoḋ, nuair ṫiocfas an té ṫug an cuireaḋ ḋuit, go n‐abróċaiḋ sé leat, A ċara, téiġ níos sia suas: annsin béiḋ onóir le fáġáil agat i ḃfiaḋnaise a a mbéiḋ ’n‐a suiḋe ċum biḋ i n‐éinḟeaċt leat.


Do‐ḃeirim na h‐aiṫeanta so ḋaoiḃ, ċum go mbéaḋ gráḋ agaiḃ d’á ċéile.


fá mar atáir‐se, a Aṫair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéaḋ siad‐san ionainn, ċóṁ maiṫ: ċum go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris uait mé.


Agus ní raiḃ aċt aon ċroiḋe agus aon aigne aṁáin aca‐san do ċreid: agus ní raiḃ duine aca aduḃairt gur leis féin aon niḋ d’á raiḃ ’n‐a ṡeilḃ; aċt do ḃí gaċ niḋ go coitċeann aca.


Taḃraiḋ a ċeart féin do’n uile ḋuine: cáin do’n té d’ar dual cáin; cíos do’n té d’ar dual cíos; ómós do’n té d’ar dual ómós; ónóir do’n té d’ar dual onóir.


Óir, a ḃráiṫre, is ċum saoirse do glaoḋaḋ siḃ; aċt aṁáin ná déanaiḋ leiṫscéal de ḃur saoirse le h‐aġaiḋ na feola, aċt biḋiḋ mar ṡeirḃísiġ i ngráḋ d’á ċéile.


Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


gan éinniḋ do ḋéanaṁ tré ṁian conspóide nó baoṫġlóire, aċt le h‐uṁlaċt aigne measaḋ gaċ aoinneaċ gur fearr an duine eile ’ná é féin.


ó ċualamar tráċt ar ḃur gcreideaṁ i nÍosa Críost, agus ar an ngráḋ atá agaiḃ do na naoṁaiḃ go léir,


Aċt i dtaoḃ an ġráḋa ḃráṫarḋa, ní gáḃaḋ scríoḃaḋ ċugaiḃ: óir fuaraḃar féin teagasc ó Ḋia gur dual daoiḃ gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile,


Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;


Bíoḋ gráḋ bráṫarḋa i gcóṁnaiḋe eadraiḃ.


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


Taḃraiḋ onóir do gaċ duine. Taḃraiḋ gráḋ do na bráiṫriḃ. Bíoḋ eagla Dé oraiḃ. Taḃraiḋ onóir do’n riġ.


Ar an gcuma ċéadna, cuireaḋ an t‐aos óg iad féin fá ċeannas na seanóir. Bíoḋ an uṁlaċt mar ċlúdaċ oraiḃ, óir cuireann Dia i n‐aġaiḋ na n‐uaiḃreaċ, aċt do‐ḃeir sé grása do na h‐uṁlaiḃ.


agus diaḋaċt le foiḋne; agus gráḋ bráṫarḋa le diaḋaċt; agus caon‐ċarṫannaċt le gráḋ bráṫarḋa.


A ċáirde ionṁaine, má ḃí gráḋ ċóṁ mór sin ag Dia ḋúinn, ba ċeart dúinne gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile.


Má deir aoinneaċ, Atá gráḋ do Ḋia agam, agus fuaṫ dó ḃeiṫ aige d’á ḃráṫair, is bréagaire é; óir an té atá gan gráḋ do’n ḃráṫair do ċonnaic sé, ní féidir leis gráḋ do ṫaḃairt do Ḋia naċ ḃfaca sé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ