Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 11:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Ó naċ doiṁin é saiḋḃreas eagna agus eolais Dé! naċ do‐rannsuiġṫe iad a ḃreiṫeaṁnaċais, naċ do‐lorgṫa iad a ṡliġṫe!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 O créd e doíṁne ṡaiḋḃris éagna agus éolais Dé! Créd é deacraċd a ḃreiṫeaṁnuis do ċúartuġaḋ, agus lorg a ṡliġeaḋ do leanṁuin!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 11:33
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Nó an beag is fiú leat saiḋḃreas a ṁór‐ṁaiṫeasa agus a ḟad‐ḟulaing agus a ḟoiġde, gan a ḟios agat gur ab é maiṫeas Dé atá gad’ ṫarraing ċum aiṫreaċais?


ċum go noċtfaḋ sé saiḋḃreas a ġlóire do ṡoiṫiġiḃ trócaire, d’ullṁuiġ sé roiṁ ré, ċum glóire,


Aċt do noċt Dia ḋúinne tríd an Spiorad iad: óir scrúduiġeann an Spiorad an uile niḋ, go fiú neiṫe doiṁne Dé.


’n‐a ḃfuil fuasclaḋ againn tré n‐a ḟuil, maiṫeaṁnas ár bpeacaḋ,


ċum go dtaisbeánfaḋ sé ins na h‐aoisiḃ do ḃí le teaċt an‐ċuimse saiḋḃris a ġrása tré n‐a ṁaiṫeas ’n‐ár dtaoḃ i nÍosa Críost:


ċum go ndéanfaiḋe il‐eolas Dé soiléir tríd an eaglais do na h‐uaċtaránaiḃ agus do na cuṁaċtaiḃ ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa,


ċum go dtiuḃraiḋ sé ḋaoiḃ do réir saiḋḃris a ġlóire, ḃeiṫ neartuiġṫe go bríoġṁar tríd a Spiorad san anam istiġ;


go mbéiḋ ar ċumas daoiḃ, i n‐éinḟeaċt leis na naoṁaiḃ uile, a ṫuigsin cad é a leiṫead,


Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ;


d’ár ṫoiliġ Dia a ċur i ḃfios créad é saiḋḃreas glóire na rúindiaṁaire seo i measc na gCineaḋaċ, is é sin Críost ionnaiḃ, an dóċas ċum glóire.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ