Agus atá a ḟios againn go gcóṁoibriġeann gaċ uile niḋ ċum maiṫeasa do na daoiniḃ a ḃfuil gráḋ do Ḋia aca, do na daoiniḃ sin fuair gairm do réir a ċuspóra.
Agus an méid díoḃ do réaṁ‐oirdniġ sé, do ġlaoḋ sé iad mar an gcéadna: agus an méid do ġlaoḋ sé, d’ḟíréanuiġ sé iad: agus an méid d’ḟíréanuiġ sé, do ġlóiriġ sé iad mar an gcéadna.
Óir cuiṁniġiḋ ar ḃur ngairm, a ḃráiṫre, cionnas naċ ngairmṫear mórán díoḃ‐san atá glic do réir na feola, ná mórán de luċt cumais, ná mórán de luċt uaisleaċta;
Uime sin, impiḋim‐se, príosúnaċ ar son an Tiġearna, impiḋim oraiḃ ḃur saoġal do riaraḋ mar ba ċóir do ḋaoiniḃ fuair an ġairm fuaraḃair‐se, le gaċ uṁlaċt agus ceannsaċt,
Ċuige sin bímíd ag guiḋe gan stad ar ḃur son, ċum go measaiḋ ár nDia gur fiú siḃ ḃur ngairm, agus go gcóiṁlíonaiḋ sé gaċ deaġ‐rún ċum maiṫeasa agus gaċ gníoṁ creidiṁ le n‐a ċuṁaċt,
do ṡaor, agus do ġoir le naoṁ‐ġairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníoṁarṫa, aċt do réir a rúin agus a ġrása féin, tugaḋ i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin,
(óir do rinneaḋ sagart díoḃ‐san gan mionn), aċt do rinneaḋ sagairt de’n té úd le mionn tríd an té aduḃairt leis, Do ḋearḃuiġ an Tiġearna, agus ní aṫróċaiḋ sé a aigne, Is sagart go síorraiḋe ṫú;
D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, déanaiḋ iarraċt san mbreis ar ḃur ngairm agus ar ḃur dtoġaḋ do ḋaingniú: óir ag cleaċtaḋ na neiṫe seo ḋaoiḃ, ní ṫuisleoċaiḋ siḃ ċoiḋċe: