Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 11:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Aċt má tá cuid de na géagaiḃ briste, agus gur nóduiġeaḋ ṫusa ’n‐a measc, ar mbeiṫ ḋuit id’ ola‐ċrann fiaḋain, rann‐ṗáirteaċ leo i ḃfréiṁ agus i suġ an ola‐ċrainn:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Aċd má atá cuid éigin do na géuguiḃ ar na ngearraḋ ḋe, agus gur cuireaḋ ṫusa na nionad, agus gur roinneaḋ fréaṁ agus súġ ċroinn na hola fíre riot, ar mbeiṫ ḋuit, ad ċrann ola ḟíaḋáin;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 11:17
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ar an aḋḃar sin adeirim liḃ, Tógfar ríoġaċt Dé uaiḃ‐se, agus do‐ḃéarfar í do ċineaḋ ḃéarfas a torṫa.


Is mise an ḟíneaṁain ḟíor, agus is é m’Aṫair an fíon‐tsaoṫruiġṫeoir.


Aon ċraoḃ díom naċ dtugann toraḋ, scoiṫeann sé í: agus aon ċraoḃ do‐ḃeir toraḋ, glanann sé í ċum go dtiuḃraḋ sí tuilleaḋ torṫa.


Aon duine naċ ḃfanann ionnam‐sa, caiṫtear é amaċ aṁail craoḃ, agus feoġann sé; agus bailiġtear iad agus caiṫtear isteaċ sa teiniḋ iad, agus dóiġtear iad.


Óir is daoiḃ‐se agus do ḃúr slioċt do‐rinneaḋ an ġeallaṁain, agus dóiḃ‐sean go léir atá i gcéin, an oiread sin díoḃ agus ġlaoḋfas an Tiġearna, ár nDia, ċuige.


Óir má gearraḋ ṫú d’ola‐ċrann atá fiaḋain de réir dúṫċais, agus má nóduiġeaḋ ṫú, i n‐aġaiḋ dúṫċais, i n‐ola‐ċrann maiṫ; naċ mó ’ná sin go mór nódóċar iad‐san, géaga dúṫċasaċa, ’n‐a n‐ola‐ċrann féin?


Sinne Iúdaiġ ó ḋúṫċas, agus naċ peacaiġ de Ċineaḋaċaiḃ sinn,


is é sin go ḃfuil na Cineaḋaċa ’n‐a gcóṁ‐oiḋriḃ, agus ’n‐a gcóṁṗáirtiḋṫiḃ san ngeallaṁain atá i nÍosa Críost tríd an soiscéal, go ndearnaḋ seirḃíseaċ díom‐sa ḋe,


Agus siḃ‐se do ḃí marḃ de ḋeascaiḃ ḃur gcionnta agus tré neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ ḃur ḃfeola, d’aiṫḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt leisean siḃ, tar a éis dó ár gcionntaí uile do ṁaiṫeaṁ ḋúinn.


Is iad seo an dá ola‐ċrann agus an dá ċoinnleoir ṡeasuiġeas os cóṁair Tiġearna an doṁain.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ