Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 10:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Óir do‐ḃeirim m’ḟiaḋnaise ’n‐a dtaoḃ go ḃfuil díoġrais ċum Dé aca, aċt naċ do réir eolais í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Oír do ním dfiaḋnuisi ḋóiḃ go ḃfuil teas ġráḋa Dé aca, aċd ní do réir éoluis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 10:2
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cuirfear amaċ as na sionagógaiḃ siḃ: ṫairis sin, atá an uair ag teaċt go measfaiḋ an té ṁarḃas siḃ gur ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia atá sé.


Agus nuair do‐ċualadar é, ṫugadar glóir do Ḋia; agus aduḃradar leis, Do‐ċí tú, a ḃráṫair, na mílte móra ḋíoḃ‐san go ḃfuil an creideaṁ aca atá i measc na nIúdaċ; agus atáid uile láin‐dílis do’n reaċt:


agus do ġlaoḋadar, A ċlanna Israel, caḃair: Seo é an duine atá ag múineaḋ na ndaoine go léir ins gaċ áit i gcoinniḃ an ṗobail, agus i gcoinniḃ an reaċta, agus i gcoinniḃ na h‐áite seo: agus ṫairis sin, ṫug sé Gréagaiġ isteaċ san teampall, agus atá an áit naoṁṫa truailliġṫe aige.


D’éisteadar leis go dtí an focal sin; annsin d’árduiġeadar a nglór, agus aduḃradar, Curtar a leiṫéid sin de’n tsaoġal; óir ní cóir é ḃeiṫ beo.


Is Iúdaċ mé, rugaḋ i dTarsus Ċilicia, aċt tógaḋ mé san gcaṫair seo, ag cosaiḃ Ġamaliél, do múineaḋ mé go beaċt de réir dliġe ár n‐aiṫreaċ, agus do ḃíos lán de ḋíoġrais ar son Dé, fá mar atá siḃ‐se indiu:


A ḃráiṫre, is é roġa mo ċroiḋe, agus is é mo ġuiḋe ċum Dé ar a son‐san go slánóċar iad.


Óir, ar mbeiṫ gan eolas ar ḟíréantaċt Dé ḋóiḃ, agus iad d’iarraiḋ a ḃfíréantaċt féin do ḃunaḋ, níor uṁluiġeadar d’ḟíréantaċt Dé.


san dream dí‐ċreidṁeaċ go ḃfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoġail seo, ċum naċ ndeallróċaḋ solas glórṁar Ċríost, íoṁáiġ Dé, orṫa.


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


Óir de réir a n‐acfuinne, is eaḋ, agus ṫar a n‐acfuinn, do‐ḃeirim m’ḟiaḋnaise air, go dtugadar d’á saor‐ṫoil féin,


agus gur ṁó do ċuaḋas ar aġaiḋ i gcreideaṁ na nIúdaċ ’ná a lán daoine dem’ ċóṁaois féin i measc muinntire mo ċiniḋ, agus mé i ḃfad ní ba ḋúṫraċtaiġe i dtaoḃ gnáṫ‐nósann mo ṡinnsir.


Uime sin, cá ḃfuil an déiġṁéin úd ṫug siḃ dom? mar ḃeirim m’ḟiaḋnaise ḋaoiḃ go mbainfeaḋ siḃ amaċ ḃur súilí féin, dá mb’ ḟéidir é, agus go dtiuḃraḋ siḃ dom iad.


Agus is é mo ġuiḋe go méadóċar ḃur ngráḋ go mór i n‐eolas agus i ngaċ saġas tuigseana;


i dtaoḃ díoġraise, inġreimṫeaċ na h‐eaglaise; i dtaoḃ na fíréantaċta atá san dliġe, fríṫ mé ḃeiṫ gan loċt.


Óir do‐ḃeirim m’ḟiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ go mbíonn sé ag saoṫrú go dian ar ḃur son‐sa, agus ar son a ḃfuil i Laodicia, agus ar son a ḃfuil i Hiéropolis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ