Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 10:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Aċt fiafruiġim‐se, Nár airiġeadar? D’airiġeadar cinnte, Do leaṫ a nglór ar fud an doṁain uile, Agus a mbriaṫra go foirċeann an doṁain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Aċd a deirimse, A né naċ ccúaladar? Do ċuáiḋ a ḃfuáim go deiṁin fá gaċ uile ṫalaṁ, agus a mbríaṫra go leiṫimeal an doṁain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 10:18
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus craoḃscaoilfear an soiscéal so na ríoġaċta ar fud an doṁain uile mar ḟiaḋnaise do na ciniḋeaċaiḃ go léir; agus annsin tiocfaiḋ an deireaḋ.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, cibé áit ar fud an doṁain ar fad ’n‐a gcraoḃscaoilfear an soiscéal so, inneosfar, leis, an gníoṁ do‐rinne an ḃean so, mar ċuiṁne uirṫi.


Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:


Annsin do rug an diaḃal leis é go mullaċ sléiḃe an‐áird, agus do ṫaisbeán sé ḋó ríoġaċta uile an doṁain, agus a ngradam;


Agus aduḃairt sé leo, Imṫiġiḋ ar fud an doṁain uile, agus déanaiḋ an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ do’n ċineaḋ daonna ar fad.


Agus d’imṫiġeadar‐san, agus do ċraoḃscaoileadar ins gaċ uile áit, an Tiġearna ag cóṁoibriú leo, agus ag neartú an ḃriaṫair leis na cóṁarṫaiḃ do lean é.


Aċt doġeoḃaiḋ siḃ neart nuair ṫiocfas an Spiorad Naoṁ oraiḃ: agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr ḃfiaḋnaiḋṫiḃ daṁ‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an doṁain.


aċt do ċraoḃscaoileas do ṁuinntir Ḋamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúiṫċe Iúdaea, agus do na Cineaḋaċaiḃ, go ndéanfaidís aiṫriġe agus go n‐iompóċaidís ċum Dé, ag déanaṁ gníoṁarṫa de réir na h‐aiṫriġe.


Agus nuair do ṡocruiġeadar leis ar lá, ṫáinig a lán aca ’n‐a lóistín ċuige; agus do ṁíniġ sé ríoġaċt Dé ḋóiḃ, ag taḃairt fiaḋnaise air, ag iarraiḋ a mbaineann le h‐Íosa do ċruṫú ḋóiḃ as reaċt Maoise agus as na fáiḋiḃ, ó ṁaidin go tráṫnóna.


Ar dtús, do‐ḃeirim buiḋeaċas dom’ Ḋia tré Íosa Críost ar ḃur son‐sa uile, de ḃriġ go ḃfuil tuairisc ḃur gcreidiṁ scaipṫe ar fud an doṁain ar fad.


tré ḃriġ an Spioraid Naoiṁ; ar ċuma gur ċraoḃscaoileas soiscéal Ċríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus ṫart ’n‐a ṫimċeall ċóṁ fada le h‐Illiricum;


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


ṫáinig ċugaiḃ‐se; fá mar tá sé ag taḃairt torṫa ar fud an doṁain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐ḃur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualaḃar agus ’n‐a ḃfuaraḃar eolas ar ġrása Dé i ḃfírinne;


Óir is uaiḃ‐se do leaṫ briaṫar an Tiġearna go glóraċ, ní h‐é aṁáin san Maiceadóin agus i nAċáia, aċt is aṁlaiḋ do leaṫnuiġ clú ḃur gcreidiṁ i nDia i ngaċ áit; ar ṁoḋ naċ gáḃaḋ ḋúinne laḃairt ’n‐a ṫaoḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ