Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 10:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Uime sin, is tré éisteaċt ṫig creideaṁ, agus is tré ḃriaṫar Ċriost ṫig éisteaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Uime sin is tré éisdeaċd ṫig an creideaṁ, agus an téisdeaċd tré ḃréiṫir Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 10:17
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire do’n méid ċloiseas siḃ: an tóṁas ’n‐a dtóṁaiseann siḃ, is é sin an tóṁas ’n‐a dtóṁaisfear ċugaiḃ: agus do‐ḃéarfar tuilleaḋ ḋaoiḃ.


Aċt aduḃairt seisean, Abair ’n‐a ionad sin, Is beannuiġṫe iad‐san éisteas le briaṫar Dé agus ċoiṁéadas é.


Is í seo briġ na saṁlacide: Is é briaṫar Dé an síol.


Aċt d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, Is iad mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre‐se iad‐san éisteas le briaṫraiḃ Dé, agus do‐ġní d’á réir.


Agus do‐ċuala an ḃeirt deisceabal é ag laḃairt, agus do leanadar Íosa.


Óir, ní nár liom an soiscéal: mar is é cuṁaċt Dé é ċum gaċ duine ċreideas do ṡlánú; do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna.


Aċt cionnas ġlaoḋfas siad ar an té nár ċreideadar ann? agus cionnas ċreidfeas siad san té nár airiġeadar? agus cionnas aireoċas siad gan seanmóiriḋe?


Óir ní mar an ṁór‐ċuid ḃímíd, ag truailliú Briaṫair Dé: aċt laḃraimíd i gCríost le fíre, mar ḃéaḋ ó Ḋia, i ḃfiaḋnaise Dé.


Is é rud ba ṁian liom a ċlos uaiḃ, An ó oibreaċaiḃ dliġe nó tré ṫeaċtaireaċt an ċreidiṁ fuair siḃ an Spiorad?


Uime sin an té do‐ḃeir an Spiorad daoiḃ, agus do‐ġní míorḃailtí ’n‐ḃur measc, an tré oibreaċaiḃ an dliġe, nó tré ṫeaċtaireaċt an ċreidiṁ do‐ġní?


Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ.


Ar an aḋḃar sin do‐ḃeirimíd buiḋeaċas gan stad do Ḋia, de ḃriġ, nuair ġlacaḃar briaṫar teaċtaireaċta Dé uainn, gur ġlacaḃar é, ní mar ḃriaṫar daoine, aċt (mar is é go fírinneaċ) mar ḃriaṫar Dé oibriġeas ionnaiḃ‐se ċreideas.


Óir do craoḃscaoileaḋ an soiscéal dúinne, mar craoḃscaoileaḋ é ḋóiḃ‐sean: aċt níorḃ aon tairḃe ḋóiḃ an briaṫar do ċualadar, toisc naċ raiḃ creideaṁ ’n‐a ḃun ag na daoiniḃ do ċuala é.


óir do h‐aiṫ‐ġeineaḋ siḃ, ní ó ṡíol so‐ṫruailliġṫe, aċt ó ṡíol neaṁṫruailliġṫe, le briaṫar biṫ‐ḃeo, buan Dé.


Mise Eoin, ḃur mbráṫair agus ḃur gcóṁṗáirtiḋe san anró, agus san ríoġaċt, agus san ḃfad‐ḟulang atá i hÍosa, do ḃíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briaṫair Dé, agus ar son fiaḋnaise Íosa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ