Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 10:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Aċt níor éist an uile ḋuine leis na deaġ‐scéalaiḃ. Mar adeir Ésáias, A Ṫiġearna, cia ċreid ár dtuairisc?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Aċd níor úṁluiġeadar uile don tsoisgéul. Oir a deir Esaías, A Ṫiġearna, cía ċreid dar seanmóirne?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 10:16
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus cóiṁlíontar, ’n‐a dtaoḃsan, tarngaireaċt Ésáias adeir, Le h‐éisteaċt cluinfiḋ siḃ, agus ní ṫuigfiḋ siḃ; Agus ag féaċaint daoiḃ, dearcfaiḋ siḃ, agus ní ḟeicfiḋ siḃ;


Aċt ní ċreideann siḃ‐se, mar ní dem’ ċaoiriḃ‐se siḃ.


Agus do ḃí cuid aca do ċreid an méid aduḃraḋ, agus ḃí cuid nár ċreid.


tré n‐a ḃfuaramair‐ne grása agus abstalaċt, ċum na Cineaḋaċa uile do ṫaḃairt ċum uṁlaċta do’n ċreideaṁ,


Aċt má tá cuid de na géagaiḃ briste, agus gur nóduiġeaḋ ṫusa ’n‐a measc, ar mbeiṫ ḋuit id’ ola‐ċrann fiaḋain, rann‐ṗáirteaċ leo i ḃfréiṁ agus i suġ an ola‐ċrainn:


aċt atá d’á noċtaḋ anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile ċineaḋ tré scrioptúiriḃ na ḃfáiḋ, do réir aiṫne an Dé ṡíorraiḋe, ċum go mbéidís uṁal do’n ċreideaṁ;


aċt do’n dream ata ceanndána, naċ n‐uṁluiġeann do’n ḟírinne, aċt uṁluiġeas do’n éigceart,


Má tá féin go raiḃ cuid aca dí‐ċreideaṁaċ, an ḃfágfaiḋ a n‐easbaiḋ creidiṁ fírinne Dé gan éifeaċt?


Aċt, buiḋeaċas le Dia, giḋ go raḃaḃar ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do’n ṗeacaḋ, d’uṁluiġeaḃar ó ċroiḋe do ṁoḋ an teagaisc d’á dtugaḃar siḃ féin;


A Ġalátaċa gan ċéill, cia h‐é do ċuir fá ḋraoiḋeaċt siḃ, gur noċtaḋ Íosa Críost, agus é céasta, go soiléir os cóṁair ḃur súl?


Do ḃí siḃ ag riṫ go maiṫ: cia h‐é do ċuir cosc liḃ fá ḃeiṫ uṁal do’n ḟírinne?


i lasraċaiḃ teineaḋ, ag agairt díoġaltais ar an dream nár ċuir eolas ar Ḋia, agus ar na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal ár dTiġearna Íosa:


Tré ċreideaṁ Abraċam, nuair fuair sé an ġairm, d’uṁluiġ sé agus d’imṫiġ sé amaċ go h‐áit do ḃí le fáġáil aige mar oiḋreaċt ’n‐a ḋiaiḋ sin; agus d’imṫiġ sé amaċ, gan a ḟios aige cá raiḃ a ṫriall.


Óir do craoḃscaoileaḋ an soiscéal dúinne, mar craoḃscaoileaḋ é ḋóiḃ‐sean: aċt níorḃ aon tairḃe ḋóiḃ an briaṫar do ċualadar, toisc naċ raiḃ creideaṁ ’n‐a ḃun ag na daoiniḃ do ċuala é.


agus tar éis dó teaċt i ḃfoirḃṫeaċt, do ḃí sé mar uġdar slánuiġṫe ṡíorraiḋe do na daoiniḃ go léir uṁluiġeas dó;


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


Agus, Cloċ tuisliḋ, agus carraig scannail; óir tuisliġeann siad ar an mbriaṫar, toisc iad ḃeiṫ easuṁal dó: agus is é do ḃí i ndán dóiḃ.


A ṁná, biḋiḋ‐se uṁal, mar an gcéadna, d’ḃur ḃfearaiḃ féin; ionnas, má tá aon ċuid aca naċ n‐uṁluiġeann do’n ḃriaṫar, go mbuaiḋfear orṫa, i n‐éagmais an ḃriaṫair, le deaġ‐iomċar a mbainċéile;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ