Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 10:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Aċt cionnas ġlaoḋfas siad ar an té nár ċreideadar ann? agus cionnas ċreidfeas siad san té nár airiġeadar? agus cionnas aireoċas siad gan seanmóiriḋe?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Aċd cionnas ġuiḋfid síad an té ann nar ċreideadar? agus cionnas ċreidfid síad ann sa té naċ ccúaladar teaċd ṫairis? Agus cionnas ċluinfid síad gan seanmóntuiġ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 10:14
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aduḃradar‐san leis, De ċionn nár ċuir aon duine ar aimsir sinn. Aduḃairt seisean leo, Téiḋiḋ‐se, leis, isteaċ sa ḃfíonġort.


aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.


D’ḟreagair seisean agus aduḃairt, Agus cia h‐é féin, a Ṫiġearna, go gcreidfinn ann?


agus aduḃairt sé leo, Ar ġlacaḃar an Spiorad Naoṁ nuair do ċreideaḃar? Agus aduḃeadar leis, Níor ġlacamar, níor ċualamar go ḃfuil an Spiorad Naoṁ ann ċor ar biṫ.


Agus aduḃairt seisean, Cionnas is féidir liom a ṫuigsin, gan duine éigin ḃeiṫ ann le n‐a ṁíniú ḋom? Agus d’iarr sé ar Ṗilib teaċt aníos agus suiḋe ’n‐a aice.


tré n‐a ḃfuaramair‐ne grása agus abstalaċt, ċum na Cineaḋaċa uile do ṫaḃairt ċum uṁlaċta do’n ċreideaṁ,


agus ṫáinig sé agus d’ḟógair sé síoṫċáin daoiḃ‐se do ḃí i gcéin, agus síoṫċáin dóiḃ‐sean do ḃí i gcóṁgar:


má’s fíor go gcualaḃar é, agus go ḃfuaraḃar teagasc ann, do réir mar tá an ḟírinne i nÍosa.


Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain.


aċt d’ḟoillsiġ a ḃriaṫar san am oireaṁnaċ tríd an seanmóireaċt do cuireaḋ mar ċuspóir orm‐sa, do réir aiṫne Dé ár Slánuiġṫeoir;


agus gan creideaṁ ní féidir taiṫneaṁ leis: óir an té ṫig ċum Dé, ní foláir dó a ċreideaṁain go ḃfuil sé ann, agus go dtugann sé luaċ a saoṫair do na daoiniḃ loirgeas é.


agus slánóċaiḋ guiḋe an ċreidiṁ an t‐easlán, agus tógfaiḋ an Tiġearna aniar é; agus má tá peacaiḋe déanta aige, maiṫfear iad dó.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ