Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 1:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Óir atá Dia mar ḟiaḋnaiḋe agam, Dia d’á ndéanaim seirḃís im’ spiorad i soiscéal a Ṁic, go mbím gan stad g‐ḃur luaḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Oír atá Día dfíaḋnuise agum, ḋá ndéanaim seirḃís am spioraid a soisgéul a Ṁic, go mbím gan sgur ag teaċd ṫoraiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 1:9
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do laḃair sé leo as saṁlaoid, g‐á ċur i dtuigsin dóiḃ go mba ċeart dóiḃ ḃeiṫ ag guiḋe i gcóṁnaiḋe, agus gan staonaḋ;


Do congḃuiġeaḋ Peadar mar sin san bpríosún: aċt do ḃí urnaiġe d’á ḋéanaṁ go dúṫraċtaċ ar a ṡon ag an eaglais.


Agus nuair do ḃí deireaḋ leis na neiṫiḋ sin, do ċeap Pól ’n‐a inntinn gaḃáil tríd an Ṁaiceadóin agus tré Aċáia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á ráḋ, Tar a éis dom ḃeiṫ annsin, ní mór dom an Róiṁ d’ḟeicsint, ċóṁ maiṫ.


Aċt adṁuiġim an méid seo ḋuit, go ndéanaim seirḃís do Ḋia ár sinnsear de réir na Sliġe ar a dtugann siad‐san eiriceaċt, ag creideaṁain do gaċ niḋ atá de réir na dliġe, agus atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ:


Óir do ṡeas aingeal Dé, gur leis mé, agus d’á ndéanaim seirḃís,


Ċugaiḃ‐se ar dtús do ċuir Dia a Ṡeirḃíseaċ, nuair ṫóg sé suas é, ċum siḃ do ḃeannú, ag iompoḋ gaċ duine agaiḃ ó n‐ḃúr gcuirpṫeaċt.


Adeirim an ḟírinne i gCríost, ní abraim bréag, agus mo ċoinsias ag déanaṁ fiaḋnaise ḋom tríd an Spiorad Naoṁ,


Agus éiliġim Dia mar ḟiaḋnaiḋe ar m’anam, gur ar ṁaiṫe liḃ‐se naċ dtainig mé arís go Coirinnt.


Atá a ḟios ag Dia, ag Aṫair an Tiġearna Íosa Críost atá beannuiġṫe go síorraiḋe, naċ bréag atáim d’innsint.


Anois i dtaoḃ na neiṫe atá agam g‐á scríoḃaḋ ċugaiḃ, féaċ, i ḃfiaḋnaise Dé, ní bréag atáim d’innsint.


ag síor‐ġuiḋe le gaċ saġas urnaiġṫe agus aṫċuinġe san Spiorad, ag faire ċuige sin le gaċ dúṫraċt agus eadarġuiḋe ar son na naoṁ uile,


Do‐ḃeirim buiḋeaċas lem’ Ḋia gaċ uair ċuiṁniġim oraiḃ,


ag guiḋe i gcóṁnaiḋe le gáirdeaċas i ngaċ aṫċuinġe ar son an uile ḋuine agaiḃ,


Aċt atá a ḟios agaiḃ cionnas ċruṫuiġ sé, gur ṡaoṫruiġ sé mar aon liom‐sa i ngnó an tsoiscéil, mar ḋéanfaḋ mac i n‐éinḟeaċt le n‐a aṫair.


óir is sinne luċt an ḟír‐ṫimċeall‐ġearrṫa, do‐ġní aḋraḋ tré Spiorad Dé, agus do‐ġní maoiḋṁeaċas as Íosa Críost,


Do‐ḃeirimíd buiḋeaċas le Dia de ṡíor ’n‐ḃur dtaoḃ‐na go léir, ’g‐ḃur luaḋ ’n‐ár n‐urnaiġṫiḃ:


ag guiḋe go díoġraiseaċ dúinn d’oiḋċe agus de ló go ḃfeicfimíd ḃur n‐aġaiḋ, agus go gcuirfimíd bárr ar a ḃfuil i n‐easnaṁ ar ḃur gcreideaṁ.


Ċuige sin is eaḋ do h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe agus im abstal (is í an ḟírinne atá agam d’á ráḋ, ní bréag í), im’ ṫeagascṫóir ċum an creideaṁ agus an ḟírinne do ṁúineaḋ do na Cineaḋaċaiḃ.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas le Dia, d’á ndéanaim seirḃís le coinsias glan, fá mar rinne mo ṡinnsir, go mbím ag síor‐ċuiṁneaṁ ort im’ urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló,


Do‐ḃeirim buiḋeaċas lem’ Ḋia, ag cuiṁneaṁ i gcóṁnaiḋe ort im’ urnaiġṫiḃ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ