Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 1:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Ar dtús, do‐ḃeirim buiḋeaċas dom’ Ḋia tré Íosa Críost ar ḃur son‐sa uile, de ḃriġ go ḃfuil tuairisc ḃur gcreidiṁ scaipṫe ar fud an doṁain ar fad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Ar tús, beirim buiḋeaċus ré mo Ḋía féin tré Iósa Críosd ar ḃur sonsa uile, do ḃríġ go ḃfuil túarasgḃáil ḃúr gcreidṁe ar feaḋ an doṁain uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 1:8
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus craoḃscaoilfear an soiscéal so na ríoġaċta ar fud an doṁain uile mar ḟiaḋnaise do na ciniḋeaċaiḃ go léir; agus annsin tiocfaiḋ an deireaḋ.


Agus ṫarla ins na laeṫiḃ sin go ndeaċaiḋ reaċt amaċ ó Ċéasar August go ndéanfaiḋe cóṁaireaṁ ar an doṁan uile.


Agus d’éiriġ duine aca darḃ ainm Agabus, agus ṫug sé le tuigsin dóiḃ tríd an Spiorad go raiḃ gorta ṁór le teaċt ar an saoġal uile, rud ṫáinig ċum críċe i n‐aimsir Ċlaudiuis.


Aċt ba ṁian linn fios scéil d’ḟáġáil uait i dtaoḃ a gcreideann tú: óir, i dtaoḃ na h‐aicme seo, is eol dúinn go ḃfuiltear ag cainnt ’n‐a coinniḃ ins gaċ áit.


Aċt fiafruiġim‐se, Nár airiġeadar? D’airiġeadar cinnte, Do leaṫ a nglór ar fud an doṁain uile, Agus a mbriaṫra go foirċeann an doṁain.


Óir atá tuairisc ḃur n‐uṁlaċta i mbéal an uile ḋuine. Atá bród orm ’n‐ḃur dtaoḃ, d’á ḃriġ sin: aċt is mian liom siḃ ḃeiṫ glic i dtaoḃ maiṫeasa, agus ḃeiṫ neaṁ‐urċóideaċ i dtaoḃ an uilc.


Aċt, buiḋeaċas le Dia, giḋ go raḃaḃar ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do’n ṗeacaḋ, d’uṁluiġeaḃar ó ċroiḋe do ṁoḋ an teagaisc d’á dtugaḃar siḃ féin;


Do‐ḃeirim buiḋeaċas i gcóṁnaiḋe lem’ Ḋia ’n‐ḃur dtaoḃ, as uċt grása Dé tugaḋ ḋaoiḃ i nÍosa Críost;


Aċt buiḋeaċas le Dia, ṫreoruiġeas go buaḋaċ i gCríost sinn i gcóṁnaiḋe, agus scaipeas san uile áit tré n‐ár láṁaiḃ an ċuṁraċt ṫig ó eolas air.


Ar an aḋḃar sin, ar gclos dom i dtaoḃ an ċreidiṁ atá agaiḃ san Tiġearna Íosa, agus i dtaoḃ ḃur ngráḋa do na naoṁaiḃ go léir,


ní scuraim de ḃeiṫ ag breiṫ buiḋeaċais ar ḃur son, ag cuiṁneaṁ oraiḃ im’ urnaiġṫiḃ;


dó san go raiḃ an ġlóir san eaglais agus i nÍosa Críost, ó aois go h‐aois, go saoġal na saoġal. Amen.


ag breiṫ buiḋeaċais de ṡíor as uċt an uile niḋ le Dia Aṫair i n‐ainm an Tiġearna Íosa Críost;


líonta de ṫoraḋ na fíréantaċta, ċum glóire agus aḋṁolta Dé.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas lem’ Ḋia gaċ uair ċuiṁniġim oraiḃ,


Do‐ḃeirimíd buiḋeaċas le Dia, Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, ag guiḋe i gcóṁnaiḋe ar ḃur son,


Do‐ḃeirimíd buiḋeaċas le Dia de ṡíor ’n‐ḃur dtaoḃ‐na go léir, ’g‐ḃur luaḋ ’n‐ár n‐urnaiġṫiḃ:


Ar an aḋḃar sin do‐ḃeirimíd buiḋeaċas gan stad do Ḋia, de ḃriġ, nuair ġlacaḃar briaṫar teaċtaireaċta Dé uainn, gur ġlacaḃar é, ní mar ḃriaṫar daoine, aċt (mar is é go fírinneaċ) mar ḃriaṫar Dé oibriġeas ionnaiḃ‐se ċreideas.


Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;


Do‐ḃeirim buiḋeaċas le Dia, d’á ndéanaim seirḃís le coinsias glan, fá mar rinne mo ṡinnsir, go mbím ag síor‐ċuiṁneaṁ ort im’ urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló,


Do‐ḃeirim buiḋeaċas lem’ Ḋia, ag cuiṁneaṁ i gcóṁnaiḋe ort im’ urnaiġṫiḃ,


Uime sin ofráilimís íoḋbairt aḋṁolta do Ḋia i gcóṁnaiḋe, is é sin toraḋ ár mbeola adṁuiġeas a ainm.


Biḋiḋ‐se, mar an gcéadna, mar ċloċa beo d’á gcur le ċéile ċum teaċ spioradálta do ṫógáil, ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur sagartaċt naoṁṫa, ċum íoḋbarṫa spioradálta ṫaiṫneas le Dia tré Íosa Críost, d’ofráil.


Má laḃrann aoinneaċ, laḃraḋ sé mar ḃéaḋ sé ag laḃairt briaṫar Dé; má ġníonn aoinneaċ miniostrálaċt, déanaḋ sé é do réir an ċumais do‐ḃeir Dia: ċum glóir ins an uile niḋ do ṫaḃairt do Ḋia tré Íosa Críost, ag a ḃfuil an ġlóir, agus an ċuṁaċt go saoġal na saoġal. Amen.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ