Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 1:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 mar ḋaoine le h‐Íosa Críost; ċugaiḃ‐se uile atá san Róiṁ, ionṁain le Dia, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur naoṁaiḃ, Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó Ḋia ár nAṫair, agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Ċugaiḃsi uile an ṁéid atá sa Róiṁ, ar ḃur ngráḋuġaḋ ó Ḋía, agus ḃur náoṁaiḃ do réir ġarma: Grása agus sioṫċáin maille riḃ ó Ḋía ar Naṫair, agus an Dtiġearna Iósa Críosd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 1:7
70 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Bíoḋ ḃúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i ḃfiaḋnaise na ndaoine, ionnas go ḃfeicfiḋ siad ḃúr ndeaġoibreaċa, agus go molfaiḋ siad ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ.


Áduḃairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní ċuaḋas suas ċum an Aṫar fós: aċt téiġ ċum mo ḃráiṫreaċ, agus abair leo, Atáim ag dul suas ċum m’Aṫar‐sa agus ḃúr nAṫar‐sa, agus ċum mo Ḋé‐se agus ḃúr nDé‐se.


agus do ċuireadar scríḃinn tré n‐a láṁaiḃ, Ó na h‐abstalaiḃ agus ó na bráiṫreaċaiḃ is sine ċum na mbráiṫreaċ de ṡlioċt na gCineaḋaċ i nAntuaiġ, agus i Siria, agus i gCilicia, beaṫa agus sláinte:


Aċt d’ḟreagair Ananias, A Ṫiġearna, do‐ċualas ó ṁórán daoine i dtaoḃ an ḟir sin, go ndearna sé díoġḃáil ṁór dod’ naoṁaiḃ i nIarúsalem:


ar son a ainme‐sean; agus do glaoḋaḋ siḃ‐se, leis, ’n‐a measc,


D’á ḃriġ sin, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré ċreideaṁ, atá síoṫċáin againn le Dia tríd ár dTiġearna Íosa Críost;


agus ní náiriġeann an dóċas, de ḃriġ go ḃfuil gráḋ Dé doirtiġṫe ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ tríd an Spiorad Naoṁ tugaḋ ḋúinn.


Agus atá a ḟios againn go gcóṁoibriġeann gaċ uile niḋ ċum maiṫeasa do na daoiniḃ a ḃfuil gráḋ do Ḋia aca, do na daoiniḃ sin fuair gairm do réir a ċuspóra.


ná áirde, ná doiṁneaċt, ná rud ar biṫ eile d’ár cruṫuiġeaḋ, naċ ḃféadfaiḋ siad sinn do scaraṁain ó’n ngráḋ atá ag Dia ḋúinn i nÍosa Críost ár dTiġearna.


Mar adeir sé i leaḃar Óséa? Pobal naċ liom‐sa, goirfead pobal liom féin díoḃ: Agus bean nár ġráḋuiġeas, goirfead bean mo ġráḋa ḋi;


aċt ’n‐a ċuṁaċt Dé do na daoiniḃ, idir lúdaċaiḃ agus Ġréagaċaiḃ, fuair an ġairm.


Maran ata. Go raiḃ gráḋ an Tiġearna Íosa Críost liḃ.


Go raiḃ grása an Tiġearna Íosa Críost, agus gráḋ Dé, agus comaoin an Spioraid Naoiṁ agaiḃ go léir.


Grása ár dTiġearna Íosa Críost go raiḃ ar ḃur spiorad, a ḃráiṫre. Amen.


grása ḋaoiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


Síoṫċáin do na bráiṫriḃ, agus gráḋ le creideaṁ


Grása ċugaiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


Ní ḟuil niḋ naċ dtig liom a ḋéanaṁ le cumas an té neartuiġeas mé.


Anois glóir do Ḋia agus d’ár nAṫair go saoġal na saoġal. Amen.


Grása an Tiġearna Íosa Críost go raiḃ le n‐ḃur spiorad.


ċum na naoṁ agus ċum na mbráṫar dílis i gCríost atá i gColossae, grása ċugaiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair.


D’á ḃriġ sin, mar ḋéanfaḋ clann toġṫa Dé, naoṁṫa agus ionṁain, cuiriḋ umaiḃ croiḋe trócaire, muinntearas, uṁlaċt, macántaċt, fad‐ḟulang;


Agus síoṫċáin Ċríost, ċum ar glaoḋaḋ siḃ i n‐aon ċorp aṁáin, bíoḋ sí ag riaġlú ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ; agus biḋiḋ buiḋeaċ.


Pól, agus Silḃánus, agus Timóteus, ċum eaglaise na dTesaloníceaċ i nDia an tAṫair, agus san Tiġearna Íosa Críost: Grása agus síoṫċáin daoiḃ.


ag síor‐ċuiṁneaṁ ar ḃur ngníoṁarṫaiḃ creidiṁ, agus ar ḃur saoṫar carṫannaċta, agus ar ḃur ndóċas foiḋneaċ as ár dTiġearna Íosa Críost, i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar.


Is eol daoiḃ, a ḃráiṫre, ionṁain le Dia, go ḃfuil siḃ toġṫa:


Óir ní ċum neaṁ‐ġlaine do ġlaoḋ Dia sinn, aċt ċum naoṁṫaċta.


grása agus síoṫċáin daoiḃ ó Ḋia an tAṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


Anois go dtugaiḋ Dia na síoṫċána síoṫċáin daoiḃ i gcóṁnaiḋe ar an uile ṡliġe. Go raiḃ an Tiġearna liḃ go léir.


Go raiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost liḃ go léir.


ċum Timóteuis, fíor‐ṁac liom san gcreideaṁ: Grása, trócaire agus síoṫċáin, ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár dTiġearna.


Agus an méid go ḃfuil máiġistrí ċreideas aca, ná bíoḋ dí‐ṁeas aca orṫa, toisc gur bráiṫre iad; aċt go mb’ ḟearrde an tseirḃís ḋéanfas siad dóiḃ é, toisc gur creidṁiġ ion‐ġráduiġṫe na daoine ḃaineas an tairḃe as a seirḃísí. Múin agus mol na neiṫe seo.


ċum Timóteuis, mac ionṁain liom: Grása, trócaire agus síoṫċáin, ó Ḋia an tAṫair, agus ó Íosa Críost ár dTiġearna.


Go raiḃ an Tiġearna led’ spiorad. Grása go raiḃ liḃ.


ċum Títuis, fíor‐ṁac liom ’n‐ár gcóiṁ‐ċreideaṁ: Grása agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár Slánuiġṫeoir.


Go raiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost ag ḃur spiorad. Amen.


Grása ċugaiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


Séamas, seirḃíseaċ Dé agus an Tiġearna Íosa Críost, ċum an dá ṫreiḃ ḋéag atá ar deoraiḋeaċt, beaṫa agus sláinte.


aċt ar ṡompla an té naoṁṫa do ġlaoḋ siḃ, biḋiḋ‐se naoṁṫa mar an gcéadna ’n‐ḃur n‐iomċar uile;


Féaċaiḋ méid an ġráḋa ṫug an tAṫair dúinn, go nglaoḋfaiḋe clann Dé orainn: agus atá an scéal aṁlaiḋ ’n‐ár dtaoḃ. Ar an aḋḃar sin ní aiṫniġeann an saoġal sinn, toisc nár aiṫniġ sé eisean.


Béiḋ grása, trócaire agus síoṫċáin linn ó Ḋia an tAṫair, agus ó Íosa Críost, Mac an Aṫar, san ḃfírinne agus san ngráḋ.


Scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i nÉiféis; Is é adeir an té ċongḃuiġeas na seaċt réaltana ’n‐a láiṁ ḋeis, an té ṡiuḃlas i lár na seaċt gcoinnleoir óir:


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i bPergamum; Is é adeir an té go ḃfuil an claiḋeaṁ géar ḋá‐ḟaoḃar aige:


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i dTuatíra; Is é adeir Mac Dé, an té go ḃfuil súile mar lasair teineaḋ aige, agus go ḃfuil a ċosa cosṁail le h‐uṁa geal‐ruiṫneaċ:


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Smiorna; Is é adeir an tosaċ agus an deireaḋ, do ḃí marḃ, agus atá beo:


Go raiḃ grása an Tiġearna Íosa leis na naoṁaiḃ uile. Amen.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Laodicia; Is é adeir an tAmen, an fiaḋnaiḋe dílis, fírinneaċ, tosaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe ag Dia:


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i ḃFiladelfia; Is é adeir an té atá naoṁṫa, an té atá fíor, an té go ḃfuil eoċair Ḋáiḃí aige, an té ḟosclas, agus ní dúntar ’n‐a ḋiaiḋ; té ḋúnas, agus ní foscailtear ’n‐a ḋiaiḋ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ