ṫáinig ċugaiḃ‐se; fá mar tá sé ag taḃairt torṫa ar fud an doṁain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐ḃur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualaḃar agus ’n‐a ḃfuaraḃar eolas ar ġrása Dé i ḃfírinne;
do ṡaor, agus do ġoir le naoṁ‐ġairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníoṁarṫa, aċt do réir a rúin agus a ġrása féin, tugaḋ i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin,
Aċt cineaḋ toġṫa is eaḋ siḃ‐se, sagartaċt ríoġḋa, náisiún naoṁṫa, pobal atá ’n‐a ṡealḃaċas ar leiṫ aige féin; ċum go ḃfógróċaḋ siḃ tréiṫe oirḋearca an té do ġlaoḋ as an dorċadas siḃ ċum a ṡolais iongantaiġ féin:
D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, déanaiḋ iarraċt san mbreis ar ḃur ngairm agus ar ḃur dtoġaḋ do ḋaingniú: óir ag cleaċtaḋ na neiṫe seo ḋaoiḃ, ní ṫuisleoċaiḋ siḃ ċoiḋċe:
Iúdás, seirḃíseaċ Íosa Críost, agus dearḃráṫair Ṡéamais, ċum na ndaoine fuair gairm, atá i ngráḋ Dé an tAṫair, agus atá d’á gcuṁdaċ le h‐aġaiḋ Íosa Críost:
Cuirfiḋ siad cogaḋ ar an Uan, agus buaiḋfiḋ an tUan orṫa, óir is é Tiġearna na dtiġearna agus Rí na riġṫe é: agus buaiḋfiḋ siad‐san atá i n‐éinḟeaċt leis: do glaoḋaḋ, agus do toġaḋ iad, agus tá siad dílis.